Is gá d'údarás áitiúil uisce inolta ardchaighdeáin a sholáthar do thomhaltóirí, ach is féidir go gcuirfidh feiniméan a tharlaíonn i dtaiscumar oscailte sa samhradh isteach air: srathú teirmeach. Cruthaítear 3 chrios scoite san uisce: an t-eipilimnian, an teirmeachlaonas, agus an hipilimnian. Téitear an chéad 10 m ag barr an uisce leis an ngrianfhuinneamh, agus is é seo an t-eipilimnian. Tarlaíonn comhiompar is gluaisne sa chrios seo. Idirdhealaíonn an teirmeachlaonas uisce dea-shruthlaithe an eipilimniain ó uisce fuar an hipilimniain. Ní bhíonn an teirmeachlaonas ach 2 m ar tiús ar éigin, gan ghluaisne, agus difríocht teochta timpeall 15 °C ar a fhud. Faoina bhun sin, bíonn an t-uisce domhain sa hipilimnian ag teocht 3 nó 4 °C, uisce marbh gan ocsaigin. Faoi na cúinsí sin tuaslagtar iarann, mangainéis, amóinia is suilfídí ón dríodar ag bun an taiscumair, rud a chuireann le costas íonaithe an uisce. Ní féidir le héisc maireachtáil ann, ach fasann algaí gormghlasa san uisce te ag barr an taiscumair, rud a chuireann isteach ar chaitheamh aimsire ar an uisce, agus caidéil is scagairí sa chóras soláthar uisce. Ansin nuair a fhuaraíonn an aimsir tarlaíonn meascadh tapa idir na creasa, rud a laghdaíonn tiúchan na hocsaigine sa taiscumar ina iomláine agus a dhíothaíonn na héisc. Ar ámharaí an tsaoil, is féidir an srathú teirmeach a sheachaint ar bhealach an-simplí. Cruthaítear cuirtín aeir san uisce trí aer comhbhrúite a sholáthar do phíobán pollta ag bun an taiscumair. Cuireann sé seo leis an ocsaigin thuaslagtha san uisce, agus corraíonn na bolgáin aeir an t-uisce de réir mar a éiríonn siad go dtí a bharr. Níl an tseift seo saor in aisce, ach tá buntáiste breise ag baint leis, go laghdaíonn sé go mór ar thruailliú le mianraí is fás na n-algaí. Tá taighde ar siúl chun an próiseas a dhéanamh níos éifeachtaí, mar shampla, tríd an teocht ag doimhneachtaí éagsúla a thomhas chun gur féidir soláthar an aeir chomhbhrúite a lascadh as ag amanna nach bhfuil an srathú ag tarlú.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Srathú teirmeach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 621.