Ionstraim mhíochaine chun fuaimeanna ón taobh istigh den cholainn a bhrath is ea an steiteascóp.[1] Cheap an lia FrancachRené Laënnac é i 1816. Ar dtús, feadán nó cón ab ea é, a bhí déanta as pháipéar nó adhmad. Sa steiteascóp nua-aoiseach bíonn clog nó scannán, atá déanta as miotal nó plaisteach, a chuirtear ar chraiceann duine chun an fhuaim a ghlacadh is a aimpliú roimh í a sheoladh ar feadh feadán solúbtha Y-chruthach rubair go dtí cluasáin i gcluasa an scrúdaitheora. Is féidir fuaimeanna normálta is mínormálta a bhrath ón gcroí, na scamhóga, is na putóga.[2]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.