Strelitzia reginae

speiceas plandaí

Planda ilbhliantúil síorghlas a fhásann timpeall 1 m ar airde is ea an t-éan parthais[1] (Strelitzia reginae). Déanann sé tortán duilleog leathfhada fadghasach, agus tá sé dúchasach don Afraic Theas. Saothraítear in áiteanna eile é ar son a bhláthanna iontacha. I ngach bláth bíonn bláthra iomlán, cuid mhaith bláthanna iata taobh istigh de bhracht truailleach. Oiriúnaithe le bheith pailnithe ag éin gréine. Bíonn seipil fhlannbhuí is peitil ghorma ag an mbláth, iad ag teacht amach ón mbracht go seachtainiúil.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoStrelitzia reginae Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdZingiberales
FineStrelitziaceae
GéineasStrelitzia
SpeiceasStrelitzia reginae Cuir in eagar ar Wikidata
Aiton, 1789
Ainmníocht
Ainmnithe in ómósCharlotte Mecklenburg-Strelitz Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin
Ceantair eindéimeacha

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Strelitzia reginae” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Bláth éan parthais". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 79.