Meacan compair
géineas plandaí
(Athsheolta ó Symphytum)
Planda colgach ilbhliantúil, dúchasach don Eoraip agus réigiún na Meánmhara is ea meacan compair (géineas Symphytum).[1] Na duilleoga suas le 30 cm ar fhad, tanaí ubhchruthach garbh, gais ar na cinn uachtaracha a chumann eití ar an bpríomhghas. An bláthra cornaithe. Na bláthanna cromtha, feadánach nó tonnadóirchruthach, bán, buí nó bándearg nuair a bhíonn ina mbachlóga, agus gorm nuair a bhíonn oscailte.[2]
Symphytum | |
---|---|
Planda | |
Cineál an toraidh | nucule (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Boraginales |
Fine | Boraginaceae |
Géineas | Symphytum L., 1753 |
Speicis
cuir in eagarTá 59 speiceas ann, ina measc:
- Symphytum asperum — compar Rúiseach
- Symphytum officinale — compar
- Symphytum tuberosum — meacan compair
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Symphytum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Meacan an chompair". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 442.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |