Tíortha nua-thionsclaithe
(Athsheolta ó Tíortha nua-thionsclaíocha)
Tíortha nach raibh rófhorbartha ach atá ag éirí tionsclaíoch le glúin nó mar sin, agus táirgeadh an-mhór tionsclaíoch is easpórtáil fhiúntach acu dá réir. Sa ghrúpa seo tá tíogair na hÁise—Hong Cong, Singeapór, an Chóiré Theas, an Téaváin—agus tíortha cosúil leis an tSín, an India, an Mhalaeisia is an Téalainn san Áise, agus an Bhrasaíl is Meicsiceo i Meiriceá Laidineach. Tá na tíortha seo freagrach as codán den trádáil dhomhanda atá ag méadú go mór anois, earraí ardteicníochta san áireamh, agus níl breith orthu mar iomaitheoirí trádála le tíortha seantionsclaíocha an OECD.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tíortha nua-thionsclaíocha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 665.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |