Tuairisc.ie
Is suíomh Gaeilge nuachta é Tuairisc.ie, a chuireann seirbhís nuachta ar fáil do phobal na Gaeilge. Bíonn ailt ar chúrsaí nuachta Gaeltachta, náisiúnta agus idirnáisiúnta; cúrsaí spóirt, cultúir agus faisean; chomh maith le hailt tuairimíochta agus colúin. Cuirtear ailt leis an suíomh ar bhonn laethúil.
Cineál | tréimhseachán, nuachtán ar líne agus suíomh nuachta |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Ghaeilge |
Am tosaigh | 2014 |
Áit a fhoilsithe | Bearna |
Suíomh | tuairisc.ie |
Stair
cuir in eagarBhuaigh Tuairisc Bheo Teoranta comórtas a reáchtáil Foras na Gaeilge i 2014 chun nuachtán Gaeilge ar líne a sholáthar[1]. Lonnaíodh oifigí an nuachtáin i mBearna i gContae na Gaillimhe[2] mar ba í sin an t-aon cheantar i nGaeltacht Chonamara a bhfuil fáil ann ar sheirbhís leathanbhanda ar ardluas[3]. Seoladh Tuairisc.ie sa Seomra Darach i dTeach an Ard-Mhéara mBaile Átha Cliath ar 9 Deireadh Fómhair 2014.[4]
Ar 5 Meitheamh 2015, d'fhógair Tuairisc.ie go raibh 1,000,000 amharc leathanaigh bainte amach ag an suíomh.[5]
Podchraoladh
cuir in eagarI 2024, agus an aos polaitiúil ag dul i mbun feachtasaíochta, chuir lucht an nuachtáin tús leis an bpodchraoladh úrnua Tuairimí Toghcháin mar chuid dá sraith físeán Tuairisc Ó Bhéal chun na "scéalta is déanaí ó Olltoghchán 2024 á bplé ag foireann Tuairisc agus aíonna speisialta".[6]
Foireann
cuir in eagarIs é Seán Tadhg Ó Gairbhí eagarthóir Tuairisc.ie[7] agus is é Ciarán Ó Súilleabháin bainisteoir an tsuímh.[5]
Tá beirt iriseoirí lánaimseartha fostaithe ag an suíomh, Méabh Ní Thuathaláin agus Pádraic Ó Ciardha (Maitiú Ó Coimín sna 2010idí) agus bíonn ailt rialta ann ó scríbhneoirí seachtracha ar fud na hÉireann agus an domhain. Ina measc sin tá Póilín Ní Chiaráin, Bridget Bhreathnach, Cathal Mac Coille, Seosamh Ó Cuaig, Alex Hijmans agus eile nach iad.
Ar ga.wikipedia.org
cuir in eagarAr Google
cuir in eagarFéach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Tuairisc.ie ag earcú foirne dá seoladh" (ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-09.
- ↑ "Sonraí Teagmhála" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-09.
- ↑ "Tuairisc.ie reaches one million page views" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-09.
- ↑ "Goan wonders what Kenny’s linguistic ‘legacy’ will be" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-09.
- ↑ 5.0 5.1 "1,000,000 ‘amharc leathanaigh’ bainte amach ag Tuairisc.ie" (ga-IE). Tuairisc.ie (2015-06-05). Dáta rochtana: 2024-01-21.
- ↑ "PODCHRAOLADH: ‘Ar chúis éigin, cuireann Fine Gael drochthús i gcónaí le feachtais toghcháin’". Tuairisc.ie (12 Samhain 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Samhain 2024. Dáta rochtana: 17 Samhain 2024.
- ↑ "Cormac ag a Cúig Déardaoin 9 Deireadh Fómhair 2014" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-12-09.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh oifigiúil
- Nuacht RTÉ
- Suíomh ExtraG.ie