Vicipéid:Laethanta roghnaithe/4 Bealtaine
Is é an 4 Bealtaine an 124ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 125ú lá i mbliain bhisigh. Tá 241 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá Fhéile Monica.
- 1773 – Cailleadh Art Ó Laoghaire, oifigeach in Arm na hOstaire (r.~1747)
- 1904 – Thosaigh obair thógála ar Chanáil Phanama
- 1916 – Cailleadh Éamonn Ó Dálaigh, 25, a bhí ina cheannaire ar Éirí Amach na Cásca (r.1891)
- 1916 – Cailleadh Liam Mac Piarais, 24, réabhlóidí Éireannach. Cuireadh chun báis é (r.1891)
- 1916 – Cailleadh Seosamh Pluincéad, file agus náisiúnaí Éireannach (r.1887)
- 1916 – Cailleadh Mícheál Ó hAnnracháin, náisiúnaí Éireannach (r.1877)
- 1928 – Rugadh Hosni Mubarak, uachtarán na hÉigipte
- 1929 – Rugadh Karolos Papoulias, uachtarán na Gréige
- 1929 – Rugadh Audrey Hepburn, aisteoir (b.1993)
- 1953 – Bronnadh an Duais Pulitzer ar Ernest Hemingway don leabhar The Old Man and the Sea
- 1968 – Rugadh Julian Barratt, fuirseoir agus aisteoir Sasanach
- 1979 – Toghadh Margaret Thatcher mar phríomh-aire na Breataine (an chéad bhean a bhí ina príomh-aire sa tír sin).
- 1980 – Cailleadh Josip Broz Tito, ceannaire ar Phoblacht Fheidearálach Shóisialach na hIúgslaive (r.1892)
- 1987 – Rugadh Cesc Fàbregas, imreoir sacair