William Kirby Sullivan
Ceimicí a rugadh sa Druipseach, Contae Chorcaí ab ea William Kirby Sullivan (1821–1890).[1] Rinne sé staidéar le Justus Liebig in Ollscoil Giessen na Gearmáine, agus fuair dochtúireacht sa cheimic (1844). Ionadaí ar Thomas Antisell sa tsaotharlann ceimice i Músaem Tionsclaíochta na hÉireann, agus tháinig sé i gcomharbacht air i 1848. Thairg sé gurbh acmhainn luachmhar an mhóin, agus gurbh fhéidir tionscal a bhunú uirthi, rud nár chreid Robert Kane. Chuir sé toradh taighde eile dá chuid ar fáil sa leabhar The Manufacture of Beet-Root Sugar in Ireland (Déantúsaíocht Siúcra as Biatas in Éirinn, 1851) inar leag síos an cás ceimiceach is an cás eacnamaíoch don tionscal. Dhírigh sé aird ar an bhfuinneamh gan úsáid sna haibhneacha. Moladh láidir eile a rinne sé ná an gá le hoideachas is traenáil phraiticiúil chun tionsclaíocht mharthanach is fostaíocht a chur ar aghaidh. Nuair a d'éirigh Kane as uachtaránacht Choláiste na Banríona, Corcaigh i 1873, ceapadh O'Sullivan i gcomharbacht air.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1821 An Druipseach |
Bás | 1890 68/69 bliana d'aois |
Áit adhlactha | Reilig Fhionnbhairr |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Giessen |
Gníomhaíocht | |
Gairm | focleolaí, oideolaí, staraí, ceimiceoir, riarthóir acadúla |
Teangacha | Béarla |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “SULLIVAN, William Kirby (c.1821–1890) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-06-06.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "William O'Sullivan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 500.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |