Thomas Antisell

dochtúir agus múinteoir Gael-Mheiriceánach

Ceimicí, geolaí is lia a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Thomas Antisell (16 Eanáir 181714 Meitheamh 1893). Comhoibrí le Robert Kane agus príomhcheimicí i Músaem Tionsclaíochta na hÉireann. I 1845 d'fhoilsigh sé téacsleabhar ar cheimic na talmhaíochta, in Éirinn go háirithe, agus i 1846 d'fhoilsigh Irish Geology (Geolaíocht na hÉireann). Ball de na hÉireannaigh Óga, agus theith sé go Nua-Eabhrac i 1848 mar gheall ar an ngéarleanúint ar an ngluaiseacht. Chleacht sé an mhíochaine is an cheimic ansin go dtí 1854 nuair a fuair post mar gheolaí i bhfeachtas suirbhéireachta don iarnród in Arizona is California ag trasnú sléibhte an Sierra Nevada. Chaith sé blianta ina dhiaidh sin mar phríomhcheimicí in oifig na bpaitinní, agus le linn cogadh cathartha Mheiriceá bhí ina mháinlia sinsearach i gcór míochaine arm an Aontais. I ndiaidh an chogaidh cheangail sé leis an Roinn Talmhaíochta mar cheimicí. 1871-1877, ina chomhairleoir do choimisiún ón Roinn Talmhaíochta chun na Seapáine chun cabhrú leis an tír sin fadhbanna talmhaíochta a réiteach. D'fhill sé ar oifig na bpaitinní gur éirigh as i 1891.

Thomas Antisell
Thomas Antisell (1817-1893).jpg
Comhairleoir rialtas eachtrach sa tSeapáin le linn thréimhse na Meiji

Saol
Eolas breitheBaile Átha Cliath, 16 Eanáir 1817
NáisiúntachtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásWashington, D.C., 14 Meitheamh 1893
Cúis bháisbás nádúrtha (ailse)
Oideachas
Alma materColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Scoil Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Royal College of Surgeons of England (en) Aistrigh Samhain 1839) Dochtúir Leighis
Gairm
Gairmceimiceoir, geolaí, dochtúir leighis agus múinteoir
FostóiríOllscoil Georgetown

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

Beathaisnéis Thomas Antisell