William Kirby Sullivan

ceimicí Éireannach
(Athsheolta ó William O'Sullivan)

Ceimicí a rugadh sa Druipseach, Contae Chorcaí ab ea William Kirby Sullivan (18211890).[1] Rinne sé staidéar le Justus Liebig in Ollscoil Giessen na Gearmáine, agus fuair dochtúireacht sa cheimic (1844). Ionadaí ar Thomas Antisell sa tsaotharlann ceimice i Músaem Tionsclaíochta na hÉireann, agus tháinig sé i gcomharbacht air i 1848. Thairg sé gurbh acmhainn luachmhar an mhóin, agus gurbh fhéidir tionscal a bhunú uirthi, rud nár chreid Robert Kane. Chuir sé toradh taighde eile dá chuid ar fáil sa leabhar The Manufacture of Beet-Root Sugar in Ireland (Déantúsaíocht Siúcra as Biatas in Éirinn, 1851) inar leag síos an cás ceimiceach is an cás eacnamaíoch don tionscal. Dhírigh sé aird ar an bhfuinneamh gan úsáid sna haibhneacha. Moladh láidir eile a rinne sé ná an gá le hoideachas is traenáil phraiticiúil chun tionsclaíocht mharthanach is fostaíocht a chur ar aghaidh. Nuair a d'éirigh Kane as uachtaránacht Choláiste na Banríona, Corcaigh i 1873, ceapadh O'Sullivan i gcomharbacht air.[2]

Infotaula de personaWilliam Kirby Sullivan
Beathaisnéis
Breith1821
An Druipseach Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1890
68/69 bliana d'aois
Áit adhlacthaReilig Fhionnbhairr Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Giessen Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfocleolaí, oideolaí, staraí, ceimiceoir, riarthóir acadúla Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla


Find a Grave: 155763601 Cuir in eagar ar Wikidata
  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “SULLIVAN, William Kirby (c.1821–1890) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-06-06.
  2. Hussey, Matt (2011). "William O'Sullivan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 500.