Planda ilbhliantúil síorghlas is ea an aspidistra. Is ball den fhine Asparagaceae é i bhfofhine na Nolinoideae. Tá sé dúchasach d'oirthear na hÁise. Na duilleoga, le gais fhada, ubhchruthach leathrúil, a mhaireann cuid mhaith blianta. Na bláthanna clogchruthach le clúdach ar chruth scáth báistí, corcra neamhlonrach. Fásann sé gar don talamh, agus pailníonn seilidí é. Fulaingíonn sé scáth is triomach go maith, agus an-choitianta mar phlanda pota.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAspidistra Cuir in eagar ar Wikidata

Aspidistra elatior Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsparagales
FineAsparagaceae
FofhineNolinoideae
GéineasAspidistra Cuir in eagar ar Wikidata
Ker Gawl., 1822
Cineál tacsanomaíochAspidistra lurida Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Aspidistra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 50.