Clórafluaracarbóin

(Athsheolta ó CFCanna)

Is é atá i gceist le clórafluaracarbón ná comhdhúil shaorga cheimiceach (CFC) a úsáidtear mar ábhair cuisnithe i gcuisneoirí is córais aerchóirithe, ábhair tuaslagtha is tiomána in aerosóil, agus i ndéanamh cúrphlaisteach cosúil le polaisteiréin. Nuair a sceitear CFCanna san atmaisféar, snámhann siad suas gan aon athrú tríd an trópaisféar agus tiubhaíonn sa strataisféar. Ansin imoibríonn solas na Gréine orthu, rud a scoilteann clóirín amach uathu, ach ar uainíocht imoibríonn an clóirín seo ar an ózón, á mhilleadh is á ídiú. De bhrí gur sceitheadh an-chuid CFCanna san atmaisféar, agus go sceitear fós, tá laghdú suntasach tar éis tarlú don chiseal ózóin a chosnaíonn dromchla an Domhain ar an radaíocht ultraivialait (UV) a thagann ón nGrian. Measann eolaithe de chuid na Náisiún Aontaithe go dtarlóidh méadú 3% ar ailsí craicinn nach meileanóma iad i ndaoine geala in aghaidh gach 1% de laghdú san ózon. Tarlóidh méadú suntasach ar mheileanóma marfach, catarachtaí súl, agus dochar don chóras imdhíonach. Meastar freisin go méadóidh an solas ultraivialait breise truailliú an aeir ag dromchla an Domhain, agus go gcuirfidh sé isteach ar phlandaí, ainmhithe is orgánaigh aoncheallacha uisciúla. Tá an-chuid rialtas ag iarraidh stop a chur le déanamh na n-ábhar seo, ach níl sé cinnte fós go mbeidh tíortha móra an 3ú Domhan in ann an rud céanna a dhéanamh. Muna ndéanfar, is baol go leanfaidh ídiú an ózóin.[1]

Clórafluaracarbóin
  1. Hussey, Matt (2011). "Clórafluaracarbóin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 148.