Canna (planda)
Planda ilbhliantúil tiúbrach atá dúchasach do Mheiriceá Láir is Meiriceá Thuaidh trópaiceach. Na duilleoga lansa-chruthach, cuid mhaith, le gais mar thruaillí ar an bpríomhghas. Na bláthanna i spíce, le 3 shiopal, 3 pheiteal, 4-6 staimín cosúil le peitil is gealdaite. Is capsúl faithneach an toradh,. Fástar go minic ar son na mbláthanna feiceálacha é. Táirgeann Canna edulis an stáirse ararút, agus baineadh feidhm as síolta crua cruinne Canna indica mar ghrán i gcartúis gunnaí.
Planda | |
---|---|
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Zingiberales |
Fine | Cannaceae |
Géineas | Canna L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Canna indica |
An t-aon ghéineas amháin sa bhfine Cannaceae is ea Canna.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Canna". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 113.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |