Caoimhín Ó Casaide
Peileadóir, fear gnó, colúnaí agus tráchtaire is ea Caoimhín Ó Casaide a rugadh in Albain sa bhliain 1981. Cé gur rugadh i nGlaschú, Albain é, tá cónaí ar i nGaoth Dobhair, i gContae Dhún na nGall ó aois óg.
Beathaisnéis | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 1981 42/43 bliana d'aois Glaschú, Scotland | ||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
Gairm | imreoir peile Gaelaí | ||||||||||||||||
Spórt | peil Ghaelach | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Gradam a fuarthas |
Imríonn Ó Casaide dá chlub CLG Ghaoth Dobhair, lenar bhain sé trí Chraobh Chontae peile Sinséar Dhún na nGall agus Craobh Sinséar Peile Uladh amháin. Tá clú agus cáil ar Chaoimhín maidir le bheith ar cheann de na cúlaí cliatháin is fearr ina ghlúin ar an ionsaí. D’imir Caoimhín Ó Casaide i lár na páirce, chomh maith le bheith mar cheann de phríomhsprioc imreoirí CLG Ghaoth Dobhair ar imeall na cearnóige i rith a feachtas rathúil i gCraobh Sinséar Peile Uladh.[1] Is iarbhaill d’fhoireann chontae Dhún na nGall é, agus bronnadh dhá ghradaim All Star ar fhad agus a bhí sé ar fhoireann an chontae, ceann sa bhliain 2002 agus an dara ceann sa bhliain 2011, a shéasúr deireanach. Bhí Ó Casaide mar bhaill d’fhoireann Dhún na nGall nuair a bhain siad an tSraith Náisiúnta Peile sa bhliain 2007 agus Craobh Pheile Uladh Sinsearach sa bhliain 2011, sular ghlac sé asláithreacht a bhí neamhroghnach - agus, ina dhiaidh sin, asláithreacht bhuan ó pheil an chontae ina dhiaidh do Chaoimhín bheith páirteach in aighneas faoi leabhair lena bhainisteoir peile Jim McGuinness. I Meitheamh 2012, d’ainmnigh an Irish Independent Ó Casaide ina roghnúcháin d’fhoireann pheileadóirí Dhún na nGall ab fhearr thar caoga bliain.[2]
Ina measc bheith cáilithe mar mhúinteoir bunscoile agus ina Ghaeilgeoir líofa, tá Ó Casaide mar úinéir ag fiontair gnó chomh maith sé sin an Teach Tábhairne Teach Mhicí, agus Coláiste Ghaoth Dobhair - Coláiste Samhraidh a bunaíodh sa bhliain 2010 chun cúrsaí Gaeilge a reáchtáil do dhaoine óga agus do dhaoine fásta i gceantar Ghaoth Dobhair. Bíonn colún spóirt sheachtainiúil a scríobh ag Chaoimhín chomh maith do Gaelic Life agus bíonn sé ina thráchtaire spóirt go minic le TG4 agus RTÉ.
Saol Pearsanta
cuir in eagarTá Caoimhín pósta ar Sarah Ní Ghallachóir, iníon do chuid iarimreoir do chuid Dhún na nGall, Willie Ó Gallachóir, nó Willie Mhicí, mar atá b’fhearr aithne ar, a bhain cúig chraobh shinsear Dhún na nGall.[3] Tá Teach Mhicí a reáchtáil ag Chaoimhín, Sarah agus baill eile do theaghlach Sarah, teach tábhairne a bhfuair siad óna tuismitheoirí.[3]
Is Gaeilgeoir é Chaoimhín ina bhfuil cónaí ar i nGaeltacht Ghaoth Dobhair, i dTír Chonaill. Tá Caoimhín agus a bhean chéile, Sarah, beirt ina mhúinteoirí [4] agus tá triúr páistí acu: cúpla - Aoife agus Nia (12) agus mac níos óige darbh ainm Fionn (8) [3]
Tá Ó Casaide ina thacaí dhílis d’fhoireann sacar Cheiltigh Glaschú, cé gur rugadh i nGlaschú é agus chaith sé cuid mhór d’óige i nGlaschú, Albain. Tá ticéad séasúir aige do chluichí Ceilteach.[3]
I laethanta a óige, bhí Anthony Tohill ó Dhoire Cholmcille, Seán Óg de Paor ó Ghaillimh agus Captaen foireann Dhún na nGall na bliana 1992 Anthony Molloy mar laochra peile do chuid Chaoimhín agus bhí éifeacht mhór acu ar a cuid peile.[4]
Rinneadh ionsaí ar Chaoimhín ar an 24ú Lúnasa 2008, agus ina dhiaidh an eachtra, d’éirigh Ó Casaide agus a dheartháir níos sine Stephen páirteach in aighneas lena chuid ionsaithe. Tháinig cás cúirte chun tosaigh mar thoradh, ach ghlac an cás ceithre bliana theacht roimh an chúirt. I Mí Iúil 2012, fuarthas Ó Casaide ciontach d’achrann agus gearradh seirbhís phobail air, ach luaigh an breitheamh nach raibh duine ar bith de na fir a bhí páirteach i láthair sa chúirt ón am sin agus ní raibh coireanna ar bith acu cosúil leis roimh ré.[5][6][7]
Tá coláiste samhraidh a reáchtáil ag Caoimhín Ó Casaide lena comhghleacaí Aodh Mac Fhionnghaile faoi ainm úr darbh ainm Coláiste Ghaoth Dobhair, cé gur Coláiste Chú Chulainn a bhí air roimhe sin. Tagann na céadta ó cheann ceann na tíre go Gaoth Dobhair le freastal ar an choláiste Samhraidh, idir páistí bunscoile agus meánscoile agus mic léinn tríú leibhéal ina mbíonn cúrsaí Gaeltachta le déanamh acu mar pháirt dona cuid cúrsaí. Bíonn imeachtaí éagsúla tré mheán na Gaeilge a reáchtáil ag Ó Casaide agus Mac Fhionnghaile lastaigh den choláiste Samhraidh le Céilithe Móra agus spóirt uisce san áireamh, chomh maith le traenáil peil ghaelach, ina mbíonn faoi stiúir ag Chaoimhín.[3]
Saol Imeartha
cuir in eagarPeil an chlub
cuir in eagarSa bhliain 2002, bhain Caoimhín Ó Casaide a chéad bhonn Craobh Shinsearach Pheile Dhún na nGall le CLG Ghaoth Dobhair. Sa bhliain 2006, chaith Ó Casaide an Samhradh i mBostún, áit ar imir sé i gcraobh Bhostún. D’fhill sé na bhaile go hÉirinn níos moille an Samhradh sin leis an dara chraobh Shinsearach an Contae a bhaint le Gaoth Dobhair, nuair a bhuail siad Naomh Adhamhnáin sa chluiche ceannais i 2006.
D’éirigh Ó Casaide as an pheil ghaelach sa bhliain 2016, nuair a bhuail Naomh Conaill Ghaoth Dobhair le 12 pointe i gcluiche leath ceannais an chontae.[8]Áfach, chuir Mervyn Ó Domhnall, bainisteoir Ghaoth Dobhair, tabhairt ar Chaoimhín filleadh ar an pheil do Ghaoth Dobhair, agus is é ansin nuair a dheachaigh sé ar aghaidh lena thríú bhonn Craobh Shinsearach Pheile Dhún na nGall a bhaint le Gaoth Dobhair sa bhliain 2018.[8][9] D’imir Ó Casaide ról tábhachtach nuair a bhí Gaoth Dobhair páirteach ina chéad chraobh Uladh riamh a bhí an-rathúil ar fad, níos moille sa bhliain 2018, sraith ina raibh buanna móra i gceist, in éadan An Carraigín sa chluiche ceathrú ceannais (cluiche ina scóráil Caoimhín cúl agus trí phointe)[10], in éadan Raontaithe na Croise ina raibh an bua acu 11 uair, sa chluiche leath ceannais (cluiche a scóráil Caoimhín cúl agus dhá phointe)[11], agus in éadan An Bhoth ina raibh an bua acu ar an chomórtas cheithre ócáid cheana féin. Ar an mbealach sin, chur Ó Casaide craobh proibhinseal lena thrí chraobh chontae, agus, ina dhiaidh, rinne sé cur síos ar mar an t-am is bródúil dá shaol. Thuill Ó Casaide moladh dá gcuid taispeántais agus dá iarrachtaí le smacht a choinneáil ar a gcuid comhimreoirí agus foireann bainistíochta nuair a bhí teannas ag bagairt agus ag dul in olcas ar an pháirc.[1] Ina dhiaidh, rinne sé machnamh ar a dhíbirt ó fhoireann an chontae ó Jim McGuinness agus d’admhaigh sé murar tharlaigh sé, agus ag tabhairt san áireamh a aois de 37 ag an am, is dócha go mbeadh sé mar dhuine den lucht féachana ar an lá in áit imreoir.[12]
Peil Idirchontae
cuir in eagarD’imir Caoimhín Ó Casaide a chéad chluiche craoibhe in éadan an Chabháin i bpáirc Bhreifne ar an 12ú Bealtaine 2002.[13] Ina chéad séasúir le foireann Dhún na nGall i 2002, chuaigh an fhoireann chomh fada le cluiche ceannais Uladh, ach níor éirigh leo ar an lá.[14] Chuaigh sé ag cóisireacht i ndiaidh do Dhún na nGall comhscór a aimsiú in éadan Baile Átha Cliath. Scrios Baile Átha Cliath foireann Dún na nGall ag an athimir. Áfach, bronnadh duais All-Star do Chaoimhín ar son a chuid taispeántais an bhliain sin.[4]
An bhliain dár gceann, bhí a thiomantas don fhoireann ceistithe arís. Leagadh Dún na nGall amach as craobh Uladh nuair a bhuail Féar Manach iad, mar sin chuir an fhoireann isteach ar bhabhtaí cáilithe na hÉireann, agus bhí a chéad chluiche in éadan an Longfort, tráthnóna De Sathairn i mBealach Féich. Chaith Ó Casaide an lá roimh an chluiche ag bainis i nGaoth Dobhair. Mar sin, bhí an bua ag Dún na nGall in éadan Longfort ar an lá gan Caoimhín agus ar aghaidh leo go cluiche leath ceannais na hÉireann inár chaill siad go géar in éadan Ard Mhacha i bpáirc an Chrócaigh.[14]
Sa bhliain 2004, chuidigh Ó Casaide le Dún na nGall, dul chomh fada le cluiche ceannais Uladh, cé go raibh mí-ádh orthu arís agus chaill siad in éadan Ard Mhacha. Tháinig deireadh lena shéasúir chraoibhe nuair a bhualadh iad in éadan Féar Mhanach.[14]
Sa bhliain 2006, cuireadh Ó Casaide agus Eamon McGee ar fionraí ó phainéal Dhún na nGall mar gheall ar feall ar chúrsaí smachta.[15][16] Mar thoradh ar a fhionraí, níor imir Ó Casaide páirt ar bith i gcraobh na bliana 2006 agus chuaigh sé go Bostún i Meiriceá don Samhradh. D’fhill Caoimhín ar fhoireann Dhún na nGall an bhliain dár gceann, an uair seo i lár na páirce i gcuideachta Neil Gallagher, agus chuaigh sé ar aghaidh ag imirt páirt lárnach agus é ag cuidiú le Dún na nGall, a chéad sraith Pheile na hÉireann a bhaint, sa bhliain 2007. Is é an chéad phíosa de ghné airgid a bhain foireann shinsearach an chontae ón bhliain 1992.[17]
Sa bhliain 2008, ainmníodh Ó Casaide mar chaptaen na foirne na séasúir sin.[18] Rinne sé cáineadh nimhneach ar chóireáil Brian McIver, nuair a chuir sé in iúl go raibh sé “náireach”, nuair a chuir bord an chontae ar McIver éirigh as. [19] Chuir Ó Casaide stop le hagóid acmhainneacht idir na himreoirí sa bhliain 2010.[20]
D’fhógair Ó Casaide go raibh rún aige éirigh as peil an chontae i ndiaidh do Dhún na nGall teacht amach as an chraobh i 2010, ach ghlaoigh bainisteoir úr Dhún na nGall, Jim McGuinness ar ais ar le teacht ar phainéal 2011 den McKenna Cup.[21] Chuaigh Ó Casaide ar aghaidh le cuidiú le Dún na nGall, a chéad chraobh Uladh i 19 bliain a bhaint nuair a bhí an bua acu in éadan Doire i gcluiche ceannais peil shinsear Uladh na bliana 2011. I gcluiche ceathrú cheannais Uladh in éadan Chill Dara i bPáirc an Chrócaigh ar an 30ú Iúil 2011, scóráil sé cianphointe a bhain an cluiche daofa in am cúitimh ag deireadh a bhreise, pointe a chuir Dún na nGall ar aghaidh go dtí cluiche leath ceannais na hÉireann in éadan Baile Átha Cliath.[22] Bhí deireadh an-chorraitheach ar an chluiche agus tá clú agus cáil ar an phointe sin de chuid Caoimhín Ó Casaide agus beidh go deo na ndeor.[23]
Aighneas le Jim McGuinness
cuir in eagarI mí na Samhna 2011, fuair bainisteoir Dhún na nGall, Jim McGuinness réitigh do Chaoimhín ón fhoireann i ndiaidh do bhaint a bheith aige le leabhar (This Is Our Year).[24][25][26] Ach bhí an chuma ar an scéal nár thuig Ó Casaide an fáth a bhí ar a chúl.[27][28]Ní imreodh Ó Casaide do Dhún na nGall choíche arís.[29] Chuir Mícheál Ó Domhnaill agallamh cáiliúil ar McGuinness i ndiaidh cluiche sraithe agus iad beo ar TG4, nuair a bhí Caoimhín Ó Casaide ina sheasamh in aice leis, lena chloigheann cromtha agus ról anailísí teilifíse faoina lámh aige, chuaigh an eachtra seo síos mar cheann de na hócáidí is saoithiúil den lucht féachana.[30][31]
Ina dhiaidh sin, chaith Ó Casaide níos mó ama sna Stáit Aontaithe. D’amharc Caoimhín ar aghaidh ó Nua-Eabhrac fhad agus a bhí a chuid iarchomhimreoirí ar an taobh eile den Aigéan Atlantach ag bualadh Ciarraí i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann. Bhog sé ar aghaidh as sin go Bostún[32], áit ina raibh sé nuair a bhuail a chuid iarchomhimreoirí Corcaigh i gcluiche leath ceannais na hÉireann.
Roimh chluiche cheannais na hÉireann na bliana 2012, cluiche ina raibh an bua ag Dún na nGall in éadan Maigh Eo, rinne Neil McGee, comhimreoir do chuid Caoimhín ag cúrsaí chlub agus chontae, cur síos ar BBC ar an dóigh ar smaoinigh sé ar Ó Casaide ag deireadh an chluiche.[33] Rinne Ó Casaide cur síos ar an teacht abhaile foireann Dhún na nGall agus iad i ndiaidh cluiche ceannais na hÉireann a bhaint, agus iad ag tabhairt cuairt ar CLG Ghaoth Dobhair, atá suite díreach trasna ó theach Ó Casaide. Rinne sé cur síos ar an dóigh ina raibh sé ina shuí ag ithe a chuid shuipéar thart fá leath uair i ndiaidh an 11 an oíche sin. Thug sé faoi deara go raibh a bhean chéile, Sarah, ag bogadh ar shiúil agus ag déanamh iarracht na cuirtíní a dhruid fad agus a bhí an marcra ag tarraingt ar CLG Ghaoth Dobhair le corn Sam Maguire.[8] Bhí sí ag dréim leis a bheith in ísle brí. Ach mhínigh Ó Casaide nach mbeadh leath na rudaí déanta aige má chaith sé a chuid ama ag dul thart ag caoineadh mar nach raibh bonn ceannais na hÉireann aige.[8]
Sa bhliain 2018, bhuail Ó Casaide le húdar an leabhar This is Our Year, Declan Bogue, chun agallamh a dhéanamh. D’inis Bogue do Chaoimhín, go gcuirtear aithne go minic ar ag imeachtaí sóisialta mar an fear a chosain Caoimhín Ó Casaide cross Cheilteach.[8] D’admhaigh Ó Casaide nár léigh sé an leabhar This Is Our Year riamh, agus nár léigh sé leabhar dírbheathaisnéis de chuid Jim McGuinness nó cuntas a iarchomhimreoir Rory Kavanagh ar an bhua choíche ach an oiread, ag déanamh tagairt gur easpa suime a bhí aige iontu in áit naimhdeas.[8]
Comórtas - Club | Méid |
---|---|
Craobh Sinsir Peile Dhún na nGall | 3 |
Craobh Sinsir Peile Uladh | 1 |
Comórtas - Idirchontae | Méid |
---|---|
Craobh Peile Uladh | 1 |
NFL | 1 |
Gradam All Stars | 2 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Everyone Was Particularly Delighted For One Man After Today's Historic Ulster Final | Balls.ie". web.archive.org (2018-12-03). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-12-03. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ Brenda (2012-05-14). "GAA: DONEGAL’S GREATEST TEAM OF THE LAST 50 YEARS NAMED" (en-US). Donegal Daily. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 "Missing the medal: Best decision I ever made, says Kevin Cassidy | Irish Examiner". web.archive.org (2018-11-21). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-21. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 "Cul4kidz The Official GAA Site for Boys and Girls". web.archive.org (2009-05-07). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-05-07. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "GAA star waited outside nightclub for revenge after attack, court told" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Former Donegal footballer guilty of affray" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Community service for Cassidy over nightclub fight". www.donegallive.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 8.5 "Missing the medal: Best decision I ever made, says Kevin Cassidy | Irish Examiner". web.archive.org (2018-11-21). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-21. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Everyone Was Particularly Delighted For One Man After Today's Historic Ulster Final | Balls.ie". web.archive.org (2018-12-03). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-12-03. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Gaoth Dobhair survive fightback to make last four". web.archive.org (2018-11-05). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-05. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Gaoth Dobhair on the goal trail to book final spot". web.archive.org (2018-11-20). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-20. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Gweedore's Kevin Cassidy: If I’d carried on with Donegal, I’d be in stands now | Irish Examiner". web.archive.org (2018-12-05). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-12-05. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Devenney's future in balance" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ 14.0 14.1 14.2 "Former wild child wants football's natural high" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Donegal pair dropped from panel" (en-GB) (2006-04-20). Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "McGee makes Donegal squad return" (en-GB) (2006-05-10). Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Donegal win National League title" (en-GB) (2007-04-22). Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Captain hits out at 'disgraceful' treatment of McIver" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Captain hits out at 'disgraceful' treatment of McIver" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Cassidy lifts the lid on averting mass revolt" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Donegal name Cassidy and Hegarty" (en-GB) (2010-12-17). Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Donegal 1-12 Kildare 0-14 (aet) - RTÉ Sport". web.archive.org (2015-03-29). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-03-29. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Gallagher puts Donegal's Lilies epic into perspective" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Donegal hero Cassidy axed for breaking code of silence on McGuinness methods" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "RTÉ Sport: GAA - Cassidy dropped from Donegal panel". web.archive.org (2011-11-09). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-11-09. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Sometimes it’s better when you say nothing at all - Local Sport - Don…". archive.is (2012-07-30). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-07-30. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "RTÉ Sport: GAA - Cassidy makes statement on removal from panel". web.archive.org (2011-11-11). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-11-11. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Cassidy at a loss to explain dismissal" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Donegal to shade rematch of last year’s Ulster final". www.donegallive.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Donegal weighed down by Cassidy row" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Video: We're pretty sure this is why Jim McGuinness snubbed TG4 on Sunday" (en). JOE.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ Brenda (2012-07-16). "GAA: KEVIN CASSIDY JOINS DONEGAL BOSTON GFC" (en-US). Donegal Daily. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ "Donegal's Neil McGee talks of thoughts for exiled Kevin Cassidy" (en-gb). BBC Sport (2012-09-18). Dáta rochtana: 2020-02-13.