Contae na Mí
Tá An Mhí nó Contae na Mí[1], i gCúige Laighean, Poblacht na hÉireann. Achar 2342 km². 162,621 an daonra a bhí ann de réir Daonáireamh 2006. Fadó bhí cúige den ainm seo ann 'Míde' a chiallaíonn an lár, agus ba ann de réir traidisiún a bhí ceanncheathrú Ard-Rí na hÉireann, i dTeamhair na Rí. Tá cuid de na láithreacha seandálaíochta is tábhachtaí agus is cáiliúla in Éirinn ar bhruach Abhainn na Bóinne. Is ann atá Sí an Bhrú, ionad oidhreachta domhanda. Tá talamh an-mhaith sa chontae agus rath ar fheirmeoirí na háite dá réir, agus ar na bailte margaidh a fhreastalaíonn orthu. Níl ach 26 ciliméadar de chósta ag Contae na Mí, ach tá cúpla trá ann ar nós Baile an Bhiataigh agus an Inse.
Contae na Mí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | ||||
Príomhchathair | An Uaimh | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 194,942 (2016) | ||||
• Dlús | 83.24 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 2,342 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1297 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | office of the Cathaoirleach of Meath County Council (en) | ||||
Comhlacht reachtach | comhlacht reachtach Chomhairle Contae na Mí | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | IE-MH | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 100024 | ||||
Suíomh gréasáin | meathcoco.ie |
Is i gContae na Mí atá Gaeltacht Ráth Chairn agus Gaeltacht Bhaile Ghib, lonnaíochtaí a cuireadh ar bun timpeall seachtó bliain ó shin le saol daoine in iarthar na hÉireann a fheabhsú. Tugadh isteach feirmeoirí beaga, as Conamara don chuid is mó, agus tugadh talamh dóibh in áit nach raibh Gaeltacht leis na céadta bliain.
Stair na Mí
cuir in eagarTá Stair na Mí, mar an gcéanna agus sean stair na hÉireann. Tá tuama na sean ríthe fós le feiceáil ar Bhrú na Bóinne, tuamaí a bhfuil níos sine ná na pirimidí san Éigipt. Tá stair abhainn na Bóinne freisin tábhachtach ó thaobh stair na tíre, ó Fionn Mac Cumhail, go Cath na Bóinne. Ba shuíocháin í do Ard-Rí na hÉireann é an Teamhair, agus bhí cónaí ar Naomh Pádraig san áit ar feadh tamaill. Chomh maith le sin troid Paidí Ó Donaghue as Cill Dhéagláin in Éirí Amach 1798, agus Tomás Ághas san áit céanna in Éirí Amach na Cásca.
Tíreolaíocht
cuir in eagarBliain | Daonra | ±% |
1861 | 110,373 | — |
1871 | 95,558 | -13.42% |
1881 | 87,469 | -8.46% |
1891 | 76,987 | -11.98% |
1901 | 67,497 | -12.32% |
1911 | 65,091 | -3.56% |
1926 | 62,969 | -3.26% |
1936 | 61,405 | -2.48% |
1946 | 66,232 | +7.86% |
1961 | 65,122 | -1.67% |
1971 | 71,729 | +10.14% |
1981 | 95,419 | +33.02% |
1991 | 105,370 | +10.42% |
2002 | 134,005 | +27.17% |
2006 | 162,621 | +21.35% |
2011 | 184,135 | +13.22% |
2016 | 194,942 | + |
Tá Contae na Mí lonnaithe ar chósta oirthir na hÉireann i gcúigiú Laighean. Tá teorann aige le Muir Éireann agus Contae Bhaile Átha Cliath san oirthear, le contaetha Lú, Muineachán agus an Cabhán sa tuaisceart, le Contae na hIarmhí san iarthar, agus le contaetha Uíbh Fhailí agus Cill Dara sa deisceart.
Is í an Bhóinn an phríomhabhainn sa chontae, agus ritheann sí trí Bhaile Átha Troim agus bhaile na hUaimhe.
Bailte agus sráidbhailte i gContae na Mí
cuir in eagar- Achair, Ard Cath, An Aitinn Bhuí
- Baile an Bheileogaigh, Baile an Bhiataigh, Baile an Bhóthair, Baile Átha Buí
- Baile Átha Troim, Baile Ghib, Baile Íomhair, Baile Iúiliáin, Baile Mhic Gormáin
- Baile Roibín, Baile Shláine, Baile Uí Mhornáin, Baile Uilcín, An Bóthar Buí
- An Bóthar Mín, Buaile na Bréachmhaí, Beigthigh, Baile Baighe, Baile an Cheantaigh, Baile Nua na Manach, Baile Uí Mhornáin
- Ceanannas, Cill an Chairn, Cill Dealga, Cill Dhéagláin, Cill Mheasáin, Cillmhaighneann
- Cluain Aodha, Cluain Ioraird, Cnoc an Línsigh, Carn na Ros, Currach Átha, An Cillín, Cill Táile
- Damhliag, Domhnach Phádraig, Droichead Chearbhalláin, Dún Búinne, Dún Doire, Domhnach Cearnaigh, Dún Samhnaí, Dún Seachlainn, Dún Uabhair, Droim Conrach, Droim Eamhna, Droim an Rí
- An Inse
- Maigh Dearmhaí, Maigh Muirí, Maigh nEalta, Maigh Locha
- An Obair
- Ráth Máigh Laighin, Ros na Riogh, Ráth Cairn, Ráth Moliain, Ráth Tó
- Scrín, An Seanchaisleán, Steach Maoilín
- Teamhair
- An Uaimh
Barúntachtaí
cuir in eagar- Baile Shláine Íochtarach, Baile Shláine Uachtarach, Baile Fhobhair
- Ceanannas Íochtarach, Ceanannas Uachtarach
- Déise Íochtarach, Déise Uachtarach, Damhliag Íochtarach, Damhliag Uachtarach, Dún Búinne
- Luíne
- Machaire Gaileang, Maigh Fionnráithe Íochtarach, Maigh Fionnráithe Uachtarach
- Ráth Tó
- An Scrín
- An Uaimh Íochtarach, An Uaimh Uachtarach
Bailte fearainn
cuir in eagarTíreolaíocht
cuir in eagarCultúr
cuir in eagar- Ard Breacáin, Aonach Thailteann
- Brú na Bóinne, Baile Nua na Manach
- Cnobha, Cluain Eraird, Comhairle Chontae na Mí
- Dubhadh, Dumha na nGiall, Deoise na Mí
- Gaelscoil na Cille
- Iarbhunscoil Oiliféir Naofa
- Leabhar Cheanannais, Lia Fáil, Loch Craobh
- An Mhainistir Dhubh, Mainistir Cheanannais, Mainistir Bheigthí
- Páirc Tailteann
- Sí an Bhrú, Stáisiún Baile Mhic Gormáin, Stáisiún na hInse,Scoil Clásicach Naomh Pádraig, Scoil Trócaire Naomh Iósaf
- Tlachta, Teamhair
Eacnamaíocht
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ “Contae na Mí/Meath | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.