Miotal trasdultach
Is éard is miotal trasdultach ann ná dúil a bhfuil d-fhosceall neamhiomlán ag a hadamh, nó a d'fhéadfadh caitiain a chruthú le d-fhosceall neamhiomlán. Áirítear leis seo dúile i ngrúpaí 3 go 12 den tábla peiriadach, cé go ndéantar dúile grúpa 12 (since, caidmiam, agus mearcair) a eisiamh uaireanta mar gheall ar a d-fhosceallaí lánlíonta ina staideanna ocsaídiúcháin is coitianta.[1]
Is é an fo-leibhéal neamhiomlán a thugann na hairíonna atá liostaithe thíos do na miotail
thrasdultacha;
• Foirmíonn siad coimpléisc dhaite.
• Tá staideanna athraitheacha ocsaídiúcháin acu.
• Gníomhaíonn na miotail agus a gcomhdhúile mar chatalaígh;
Cumraíocht leictreon
cuir in eagarAgus cumraíochtaí leictreon na miotal trasdultacha á scríobh, cuimhnigh;
• go líonann an fosceall 4s roimh an 3d.
• go gcailltear na leictreoin 4s ar dtús nuair a fhoirmítear iain
• go bhfuil cumraíocht leictreonach 1s22s2 2p63s23p63d10 4s1 ag copar mar gheall ar chobhsaíocht bhreise 3d líonta
• go bhfuil cumraíocht leictreonach 1s22s22p6 3s23p63d54s1 ag cróimiam mar gheall ar an chobhsaíocht bhreise atá ag 3d, atá leath-líonta.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dúile trasdultacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 227.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |