Diarmuid Ó Cinnéide
Is ceoltóir agus cumadóir Éireannach é Diarmuid Ó Cinnéide (Dermot Kennedy i mBéarla) as Ráth Cúil i mBaile Átha Cliath[1]. Rugadh é ar an 13 Nollaig 1991[2]. Seoladh a chéad albam Without Fear sa bhliain 2019. Díoladh 1 mhilliún cóip den albam ar fud an domhain ó eisíodh é[3]. Bhain sé clú idirnáisiúnta amach ar Spotify, le breis agus 20 milliún éisteoir gach mí[4].
(2019) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Dermot Kennedy |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (en) Dermot Joseph Kennedy 13 Nollaig 1991 32 bliana d'aois Ráth Cúil, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, liriceoir, cumadóir, ealaíontóir taifeadta |
Tréimhse oibre | 2015 – |
Teangacha | Béarla |
Lipéad ceoil | Interscope Records Island Records |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh gréasáin | dermotkennedy.com |
Óige
cuir in eagarThosaigh Diarmuid ag seinm an ghiotáir agus é deich mbliana d'aois[5], ach níor thosaigh sé ag scríobh amhráin go dtí go raibh sé 14 bliana d’aois[6]. In a lán agallaimh a rinne sé leis na meáin, deir Diarmuid go raibh an-spéis aige sa sacar nuair a bhí sé óg agus ní raibh sé go dtí sé 17 mbliana déag d'aois a ghlac sé ceol dáiríre[7].
Rinne Diarmuid staidéar ar cheol clasaiceach in Ollscoil Mhá Nuad[8].
Thosaigh Ó Cinnéide ag buscáil ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath nuair a bhí sé 17 mbliana d’aois[9]. Dúirt Cinnéide go minic gur spreag Glen Hansard é chun dul ag buscáil agus ba é an chéad cheirnín a cheannaigh sé riamh ná ceirnín de chuid The Frames[10]. Chaith sé samhradh ag buscáil i mBostún[11], agus spreag an samhradh sin é a chum an t-amhrán Bostún. In Oíche Nollag 2011, fuair sé an deis chun dul amach ag buscáil le Glen Hansard, Mundy agus níos mó[12]. Chan siad leagan d'amhrán de chuid Bob Dylan You Ain't Goin' Nowhere. I Mí na Nollag 2014, thug Glen Hansard cuireadh dó teacht suas ar an stáitse chun seinm i seó díolta amach ar Shráid an Bhiocáire[13].
Gairm
cuir in eagarBhí Cinnéide i mbanna ceoil Shadows & Dust ar feadh trí bliana[14] in éineacht lena dhlúthchara agus drumadóir faoi láthair Micheál Quinn[15]. D’eisigh siad a gcéad EP Every Year Forever an 7 Meitheamh 2013[16].
Thaifead Cinnéide trí EPeanna / traiceanna leis an airgead a thuill sé trí bhuscáil[17]. Eisíodh an EP Doves & Ravens an 14 Aibreán 2017[18] ina raibh 4 amhrán. Bliain ina dhiaidh sin, d’oibrigh sé le léiritheoir ceoil Mike Dean (aitheanta as a chuid oibre le hamhránaithe hip hop mar Kanye West[19]) chun an EP Mike Dean Presents : Dermot Kennedy[nasc briste go buan] a eisiúint an 6 Aibreán 2018, leaganacha d'amhráin Frank Ocean agus Drake san áireamh[20].
Chuir Spotify cor ina shaol[21]. Thosaigh sé ag uaslódáil a chuid amhrán ar Spotify, gan aon fhoireann bhainistíochta nó lipéad ceoil ag an am[22]. Bhí a amhrán After Rain le feiceáil ar an seinmliosta Discover Weekly ar Spotify i 2016. Chuir Taylor Swift an t-amhrán Boston ar a seinnliosta freisin, agus bhí a chuid ceoil ag dul i gcion ar phobal níos leithne mar thorradh[23].
Ceolchoirmeacha & Seónna
cuir in eagarDhíol Cinnéide amach Sráid an Bhiocáire i 2018[24]. Bhí sé ar NPR Tiny Desk i Mí Lúnasa 2018[25]. Is ag an The Late Show le Steven Colbert a chas sé den chéad uair ar theilifís Mheiriceá i Mí Eanáir 2019[26]. Ó shin i leith, chás sé ar The Ellen Show le Ellen DeGeneres[27](i 2019 agus 2021), agus ar Jimmy Kimmel i 2020[28]. I 2019, bhí sé ar stáitse ag an bhféile cheoil, Coachella, i Meiriceá ar feadh dhá dheireadh seachtaine[29].
I mí Lúnasa 2019, chás Cinnéide ag an bPicnic Leictreach ina phríomhoirfideach os comhair slua 20,000, ar fad sular eisíodh a chéad albam[30]. I Mí na Nollag 2019, dhíol sé amach an 3 Airéine i mBaile Átha Cliath, os comhair 1300 duine gach oíche[31].
Bhí sé ina cheoltóir tacaíochta ag Mumford & Sons i mí an Mheithimh 2019 i gCaisleán Mhullach Íde[32]. An bhliain ina dhiaidh sin, dhíol sé amach Caisleán Mhullach Íde mar phríomhoirfideach, ach cuireadh an cheolchoirm ar athlá go dtí 2021 mar gheall ar an bPaindéim COVID-19.[33]
I 2020, sceidealaigh sé camchuairt dhomhanda, ar fud na hÉireann, na SAM agus na Breataine Móire. Díoladh gach ticéad don chamchuairt na hÉireann taobh istigh de 24 uair[34]. Ach cuireadh siar ar chamchuairt mar gheall ar phaindéim Covid-19 go dtí 2021[35].
Bhí sé ar an eagrán bliantúil den Late Late Toy Show i 2020 gan fhios don cheoltóir óg Michael Maloney agus é ag canadh an amhráin Giants[36].
I 2020, ghlac sé páirt i Soccer Aid in éineacht le hiarchaptaen na hÉireann, Robbie Keane. Bhuaigh sé laoch na himeartha[37].
Le linn an dianghlasáil Covid-19, thug sé taispeántas os comhair lucht féachana ar líne ar fud an domhain sa Mhúsaem Náisiúnta Stair i Londain an 25 Iúil 2020[38]. Some Summer Night a bhí ar an imeacht, focail óna amhrán All My Friends[39]. Bhí Paul Mescal in éineacht leis[40].
Tá sé sínithe faoi láthair leis an lipéad ceoil Island-Universal, agus tá sé faoi bhainistíocht le Tap Management[41].
Banna Ceoil
cuir in eagar- Micheál Quinn - drumadóir, bhuail sé le Diarmuid ar an gcoláiste[42]
- Johnny Coote - seinnteoir méarchláir / pianódóir[43]
- Kieran Jones - seinnteoir méarchláir agus dordghiotár[44]
Is minic a thagraíonn siad dóibh féin mar The Potato Boys (na buachaillí prátaí)[45]
Singlí agus EPeanna
cuir in eagarEP/Singil | Ainm | Dáta Saortha |
---|---|---|
EP | Doves & Ravens | 2017 |
EP | Mike Dean Presents:Dermot Kennedy | 2018 |
EP | Lost in the Soft Light | 2020 |
EP | History | 2021 |
Singil | An Evening I Will Not Forget | 2015 |
Singil | Shelter | 2016 |
Singil | After Rain | 2016 |
Singil | Moments Passed | 2017 |
Singil | Young & Free | 2018 |
Singil | Power Over Me | 2018 |
Singil | For Island Fires & Family | 2019 |
Singil | Lost | 2019 |
Singil | Outnumbered | 2019 |
Singil | Resolution | 2020 |
Singil | Giants | 2020 |
Singil | Paradise (le Meduza) | 2021 |
Seinnliosta | Spotify Singles | 2018 |
Bailiúchán | Dermot Kennedy | 2019 |
Albam : Without Fear
cuir in eagarIs é Without Fear (as Gaeilge : gan faitíos, gan eagla )an chéad albam ó Diarmuid Ó Cinnéide. Eisíodh an t-albam an 4 Deireadh Fómhair 2019[47]. Scríobh agus thaifead Cinnéide an chuid is mó den albam i Nua-Eabhrac.[48] Ba é Without Fear an t-albam is sruthaithe de 2020 in Éirinn ar Spotify[49], agus bhain sé barr na gcairteacha amach. Tá sé ag uimhir a haon sna cairteacha na hÉireann don 25ú seachtain ón 26 Márta amach[50].
Seoladh an t-albam ina iomláine, Without Fear : The Complete Edition ar 6 Samhain 2020, a chuimsigh leagan d’amhrán Van Morrison Days Like This[51].
Dúirt Cinnéide gur deacair rogha a dhéanamh ar liricí amhrán is fearr leis, ach gurb é ‘there's beauty in being broken’ ón amhrán Without Fear an ceann is fearr leis[52].
Dúirt Cinnéide go minic gur spreag David Gray, Glen Hansard agus a leithéid é[53]. Tugann seánra hip hop an-inspioráid dó, agus dúirt sé gur meascán d'amhránaí is scríbhneoir agus hip hop a chuid ceoil. Chan sé leagan d'amhrán Kanye West Heartless i 2018[54].
Ciallaíonn Diarmuid ‘without fear (gan eagla)’ sa Ghaeilge.
Gradaim
cuir in eagarI 2018, bronnadh dó leis an cheoltóir nua is fearr de 2018 de chuid NPR Slingshot[55].
Mholadh sé do Choice Music Prize don amhrán Éireannach is fearr i 2020 leis a amhrán Giants, amhrán a chuir sé amach i rith paindéime Covid-19.[56]
Ainmníodh é do Ghradam Brit don cheoltóir aonair idirnáisiúnta is fearr i gcatagóir na bhfear i 2020[57].
Ba é Diamuid an chéad cheoltóir Éireannach a fuair uimhir a haon ag an Nollag le breis agus 15 bliana lena singil Giants i 2020[58]. I mí na Nollag 2020, bhí Diarmuid mar uimhir a haon sna cairteacha albam agus singilí, leis an albam Without Fear agus Giants[59].
Saol Pearsanta
cuir in eagarIs aintín Diarmuid Ó Cinnéide í Mary Ní Chinnéide a raibh cáil uirthi as a cuid oibre ar RTÉ mar láithreoir ar Nationwide[60].
Is grianghrafadóir gairmiúil í col ceathrair Diarmuid, Lucy Foster, iníon le Mary Ní Chinnéide. Téann sí ar chamchuairt le Diarmuid mar a ghrianghrafadóir[61].
Is amhránaí Éireannach í Deirdre Ní Chinnéide ar Inis Mór, agus is aintín Diarmuid í[62]. Is minic a labhraíonn Diarmuid faoin gcaoi ar spreag Inis Mór go leor dá chuid amhrán, agus rinneadh an físeán ceoil do For Island Fires & Family a scannánú ar Inis Mór[63].
Tá cailín fadtéarmach aige, Aisling Finnegan, agus is Rós Baile Átha Cliath í ag Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí 2015[64].
Is duine príobháideach é Diarmuid den chuid is mó agus ní roinneann sé a lán ábhar pearsanta ar na meáin shóisialta[65].
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ https://planetradio.co.uk/hits-radio/entertainment/music/dermot-kennedy/
- ↑ https://www.instagram.com/p/B6BQUUwAlB_/
- ↑ https://www.instagram.com/p/CKCty01g2nV/
- ↑ https://www.instagram.com/p/CKCty01g2nV/
- ↑ https://www.instagram.com/p/CLBj4J9AS1z/
- ↑ https://www.youtube.com/watch?v=JAEZiCUjzds
- ↑ https://www.youtube.com/watch?v=JAEZiCUjzds
- ↑ https://www.redbull.com/ie-en/dermot-kennedy-facts
- ↑ https://www.instagram.com/p/BrYNb-YAUqU/
- ↑ https://www.youtube.com/watch?v=2pKyRFs73MQ
- ↑ https://www.instagram.com/p/B_9325CA0gs/
- ↑ https://www.youtube.com/watch?v=UlDWryN3uVo
- ↑ https://www.youtube.com/watch?v=8rXp-GeppY0
- ↑ https://www.youtube.com/watch?v=wUav7IHjUPU
- ↑ https://www.independent.ie/entertainment/music/meet-spotifys-irish-star-who-is-already-selling-out-shows-despite-not-having-released-an-album-36727701.html
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-03. Dáta rochtana: 2021-03-27.
- ↑ https://www.youtube.com/watch?v=G6KXwRoWuMk
- ↑ https://www.dermotkennedy.com/music/doves-ravens[nasc briste go buan]
- ↑ https://www.npr.org/2018/12/17/675267025/dermot-kennedy-npr-slingshots-best-new-artist
- ↑ https://www.dermotkennedy.com/music/mike-dean-presents-dermot-kennedy[nasc briste go buan]
- ↑ https://www.pressreader.com/
- ↑ https://www.irishtimes.com/culture/music/dermot-kennedy-i-won-t-let-anyone-take-advantage-of-me-or-my-music-1.4301630
- ↑ https://www.independent.ie/entertainment/music/meet-spotifys-irish-star-who-is-already-selling-out-shows-despite-not-having-released-an-album-36727701.html
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-22. Dáta rochtana: 2021-03-27.
- ↑ https://www.npr.org/2018/08/23/641231308/dermot-kennedy-tiny-desk-concert
- ↑ https://www.hotpress.com/music/dermot-kennedy-play-ellen-show-22768871
- ↑ https://www.joe.ie/music/dermot-kennedy-interview-672511
- ↑ https://www.instagram.com/p/B7HkLsZgopG/
- ↑ https://www.instagram.com/p/BwSKXDFgmyJ/
- ↑ https://www.hotpress.com/music/dermot-kennedy-stuns-massive-main-stage-electric-picnic-set-22786406
- ↑ https://www.instagram.com/p/B6WRdzXAzHR/
- ↑ https://www.instagram.com/p/BuLajiBgSfX/?utm_source=ig_share_sheet&igshid=1rtqhwyu0mmi6
- ↑ https://mcd.ie/dermot-kennedy-nationwide-irish-tour-rescheduled-to-june-2021/#:~:text=Malahide%20Castle%2C%20Dublin%20on%20Friday,Friday%2025th%20June%202021.&text=Irish%20Independent%20Park%2C%20Cork%20on,No%20ticket%20exchange%20required[nasc briste go buan]
- ↑ https://www.dermotkennedy.com/
- ↑ https://www.youtube.com/watch?v=nCuI9IFxpUI
- ↑ https://www.irishtimes.com/news/ireland/irish-news/late-late-toy-show-duet-with-musical-hero-absolutely-mad-says-delighted-teen-1.4422674
- ↑ https://www.instagram.com/p/CEz7D2cgCrw/
- ↑ https://twitter.com/DermotKennedy/status/1280174701571182593?ref_src=twsrc%5Etfw%7Ctwcamp%5Etweetembed%7Ctwterm%5E1280174701571182593%7Ctwgr%5E%7Ctwcon%5Es1_&ref_url=https%3A%2F%2Fplanetradio.co.uk%2Fhits-radio%2Fentertainment%2Fmusic%2Fdermot-kennedy%2F
- ↑ https://genius.com/Dermot-kennedy-all-my-friends-lyrics
- ↑ https://www.instagram.com/p/CDT7mBMAvQf/
- ↑ https://www.irishtimes.com/culture/music/dermot-kennedy-i-won-t-let-anyone-take-advantage-of-me-or-my-music-1.4301630
- ↑ https://www.youtube.com/watch?v=xIGNW1rpkIc
- ↑ https://www.instagram.com/p/B7ZCQaTnR-K/
- ↑ https://www.instagram.com/p/CDYlbJVHZ5r/
- ↑ https://www.instagram.com/p/BqLJdA1n3UX/
- ↑ https://open.spotify.com/artist/5KNNVgR6LBIABRIomyCwKJ
- ↑ https://open.spotify.com/artist/5KNNVgR6LBIABRIomyCwKJ
- ↑ https://www.instagram.com/p/CH0sVDGHoCu/
- ↑ https://www.nova.ie/dermot-kennedy-most-streamed-irish-artist-on-spotify-in-last-30-days-197772/
- ↑ https://www.officialcharts.com/chart-news/dermot-kennedy-s-without-fear-is-number-1-on-the-official-irish-albums-chart-for-a-25th-week__32714/
- ↑ https://www.instagram.com/p/CHP1Z4bgI1t/
- ↑ https://www.youtube.com/watch?v=pI3c_69sQzI
- ↑ https://www.npr.org/2018/12/17/675267025/dermot-kennedy-npr-slingshots-best-new-artist
- ↑ https://www.npr.org/2018/08/15/637060151/keep-the-evenings-long-dermot-kennedy-shares-his-go-to-playlist
- ↑ https://www.npr.org/2018/12/17/675267025/dermot-kennedy-npr-slingshots-best-new-artist
- ↑ https://www.irishtimes.com/culture/music/choice-music-prize-best-irish-song-of-2020-shortlist-revealed-1.4469193
- ↑ https://www.irishtimes.com/culture/music/brit-awards-2020-irish-singer-dermot-kennedy-nominated-as-women-artists-shut-out-1.4137370
- ↑ https://www.instagram.com/p/CJOdKd3A6Gx/
- ↑ https://www.officialcharts.com/chart-news/dermot-kennedy-makes-chart-history-with-official-irish-chart-double-for-a-third-consecutive-week__31895/
- ↑ https://www.rte.ie/entertainment/2019/1124/1094811-mary-kennedy-talks-about-her-nephew-dermot-kennedy/
- ↑ https://www.instagram.com/p/CJJrX8qn2s7/
- ↑ https://deirdrenichinneide.ie/
- ↑ https://tuairisc.ie/inis-mor-i-lar-an-aonaigh-i-bhfisean-duine-de-nuacheoltoiri-mora-2019/
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-03. Dáta rochtana: 2021-03-27.
- ↑ https://www.youtube.com/watch?v=JAEZiCUjzds