Droimeiteach
fine mamach
Is míol mór míolchnámhach a fhaightear ar fud an Domhain é an droimeiteach (fine Balaenopteridae).[1] Tugtar an rorcual air freisin.[2][3] Criathraíonn an mhíolchnámh ina bhéal an planctón as an sáile, agus tá 10-100 clais ar feadh na scornaí ionas gur féidir an scornach a leathnú amach is toirt ollmhór sáile a phróiseáil is é ag ithe. An eite bheag droma gar don eireaball. An baineannach níos mó ná an fireannach.[4]
Balaenopteridae | |
---|---|
míol mór dronnach | |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Artiodactyla |
Forfhine | Balaenopteroidea |
Fine | Balaenopteridae Gray, 1864 |
Samplaí
cuir in eagar- Balaenoptera acutorostrata — droimeiteach beag
- Balaenoptera borealis — droimeiteach na saíán
- Balaenoptera physalus — droimeiteach, nó droimeiteach coiteann
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Balaenopteridae” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): rorcual” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ↑ Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): rorqual” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Rorcual". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 567.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |