Eilimint thrasúránach
Tugtar eilimint thrasúránach[1] ar dhúil le huimhir adamhach níos mó ná 112. Ní tharlaíonn siad go nádúrtha. Is é úráiniam (uimhir adamhach 92) an dúil nádúrtha is troime. Cruthaíodh dúile níos troime trí imbhuailtí fuinniúla idir núicléis dúl le huimhreacha adamhacha níos lú. Faoi 1994 ba í an dúil ba throime ná meitniriam, leis an uimhir adamhach 109. I 1999 d'imbhuail eolaithe sa Rúis sprioc plútóiniam le cailciam chun dúil 114 a chruthú, agus an bhliain chéanna i gCalifornia chruthaigh eolaithe dúil 116 trí luaidhe a imbhualadh le crioptón. An-ghearrshaolach a bhíonn na dúile sárthroma, agus ní fios fós an bhfuil uastroime dúile ann nach féidir a shárú.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““eilimint thrasúránach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-11-06.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dúile sárthroma". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 227.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |