Ernest Walton

fisicí Éireannach

Fisicí a rugadh i nDún Garbhán, Contae Phort Láirge, ab ea Ernest Thomas Sinton Walton (6 Deireadh Fómhair 190325 Meitheamh 1995).

Ernest Walton
Ernest Walton.jpg
Ollamh le Fealsúnacht Nádúrtha agus Turgnamhach Erasmus Smith

1946 - 1974
Robert William Ditchburn (en) Aistrigh - Brian Henderson (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlánErnest Thomas Sinton Walton
Eolas breitheDún na Mainistreach, 6 Deireadh Fómhair 1903
NáisiúntachtÉire
Teanga dhúchaisan Béarla
BásBéal Feirste agus Baile Átha Cliath, 25 Meitheamh 1995
Áit adhlacthaReilig Ghráinseach an Déin
Muintir
Céile/CéilíWinifred Walton (en) Aistrigh
Oideachas
Alma materCookstown High School (en) Aistrigh
Coláiste Meitidisteach, Béal Feirste
(1915 - 1922)
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
(1922 - 1927)
Coláiste na Tríonóide, Cambridge
(1927 - 1931)
Tráchtas'
Stiúrthóir tráchtaisErnest Rutherford
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmfisiceoir agus múinteoir ollscoile
FostóiríOllscoil Cambridge  (1931 -  1934)
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath  (1934 -  1974)
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh

Roinn sé Duais Nobel na Fisice i 1951 as obair a rinne sé le John Cockroft faoi stiúir Ernest Rutherford i gCambridge Shasana ar dhíscaoileadh litiam i 1932.

Scoilt Walton agus Cockcroft núicléas adamh Li (litiam), an rud ar an dtugtar go minic ‘scoilteadh an adaimh'. I Saotharlann Cavendish in Ollscoil Cambridge, Sasana, a rinneadh an turgnamh.[1][2] D'fhógair Albert Einstein gurbh é an turgnamh sin an chéad léiriú riamh ar an gcothromóid iomráiteach dá chuid féin E=mc2 .

Díscaoileadh litiamCuir in Eagar

Ina dturgnamh ceannródaíoch, rinne Cockcroft agus Walton núicléis litiam a thuairgneáil le prótóin ardfhuinnimh, luasghéaraithe go líneach trasna difríocht poitéinsil ard (c. 700 kV). Thug díscaoileadh gach núicléis litiam, a lean uaidh sin, dhá núicléas héiliam agus fuinneamh.[3]

 
luasaire Cockcroft-Walton

Thóg sé meaisín leictreastatach a ghinfeadh difríocht poitéinsil 700 kV chun prótóin a luasghéarú le himbhualadh le núicléis litiam. Mar thoradh, fuair dhá alfacháithnín, is é sin, dhá núicléas héiliam in aghaidh gach núicléas litiam a imbhuaileadh.

Ba é seo an chéad uair riamh a scoilteadh an t-adamh is a rinneadh dúil amháin (litiam) ina dúil eile (héiliam) go saorga: seanaidhm na n-ailceimicithe.

Cruthú luath ab ea an toradh seo ar chothromóid iomráiteach Einstein, E = mc2 , a chiallaíonn gur féidir mais áirithe a athrú ina méid seo fuinnimh.

 
Cuimhneachán i mBÁC
 
Cuimhneachán i mBÁC

ComhthéacsCuir in Eagar

Bhí Ernest Walton ar dhuine de na ceannródaithe cáiliúla a rinne annus mirabilis den bhliain 1932 don fhisic núicléach thurgnamhach. Sa bhliain sin d’fhionn

Ba thús é le fisic núicléach thurgnamhach, bunaithe ar luasairí chun bunairíonna damhna a léiriú.

Níos déanaí, bhí Walton gníomhach i nGrúpa Pugwash, a chuir i gcoinne rás na n-arm núicléach.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Eilís O’Connell (2003). "Úlla agus Adaimh". Dáta rochtana: 2020.
  2. Eilis O'Connel (2003). "Ag Comóradh Ernest T.S. Walton 1903-95, Buaiteoir Dhuais Nobel". Dáta rochtana: 2020.
  3. McBrierty (2003). "“Ernest Thomas Sinton Walton 1903–1995, The Irish Scientist”". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.