Filip Bandžak

amhránaí ceoldrámaíochta Seiceach

Is baratón Seiceach é Filip Bandžak (sa tSeicis [fɪˈlɪp banˈdʒak]); (a rugadh ar an 10 Meán Fómhair 1983) a bhfuil aithne air ar fud an domhain go háirithe mar amhránaí ceoldráma.

Filip Bandžak
Filipbandzak2.jpg
Saol
Eolas breithePardubice, 10 Meán Fómhair 1983 (39 bliain d’aois)
NáisiúntachtPoblacht na Seice
Teanga dhúchaisAn tSeicis
Muintir
Teaghlach
liosta iomláin
Oideachas
TeangachaAn tSeicis
an Béarla
An Rúisis
An tSlóvaicis
Gairm
Gairmamhránaí ceoldrámaíochta agus amhránaí
Gluaiseacht ealaíneceoldráma
Cineál guthabaratón
Uirlis cheoilceol gutha
IMDbnm5891032
filipbandzak.com
Filip Bandžak.jpg

BeathaCuir in Eagar

 
2016

Thosaigh sé a ghairm bheatha i 1995, in aois a 12 bhliain nuair a bhí an ról ghiolla an bhandiúic aige sa cheoldráma Rigoletto le Verdi san Amharclann Náisiúnta i bPrág don chéad uair.

Bhain sé céim máistreachta amach i síceolaíocht agus i gcultúr an cheoil.

Bhuaigh sé an chéad duais Chomórtais Amhránaíochta Cór na hEorpa (European Grand Prix for Choral Singing) i dTolosa, an Spáinn sa bhliain 1998. Bhuaigh sé duais speisialta ar Comórtas Amhránaíochta Idirnáisiúnta na Síne i Ningbo sa bhliain 2008.

Bhí sé ina laureate an Chomórtais Amhránaíochta Idirnáisiúnta i gcuimhne ar Maria Callas (The International Maria Callas Grand Prix) san Aithin na Gréige sa bhliain 2009.

Ghníomhaigh sé i roinnt tíortha: an Ostair, an Iodáil, an Pholainn, an Ungáir, an Ghearmáin, an Úcráin, an Chasacstáin, an Mhalaeisia, Singeapór, an tSín agus Ceanada.

Bronnadh an Duais Eorpach do ghníomhaíochtaí ealaíonta agus cultúrtha (Golden Europea No. 21) de chuid an Aontais Eorpaigh do Bhandžak sa bhliain 2014.

DámhachtainíCuir in Eagar

  • Duais Eorpach do ghníomhaíochtaí ealaíonta agus cultúrtha – Golden Europea No. 21 (2014)[1]

RepertoireCuir in Eagar

Teideal Cumadóir Ról Dáta Debut (Nótaí eile)
Eugene Onegin Tchaikovsky Eugene Onegin
The Queen of Spades Tchaikovsky Prince Yeletsky
Carmen Bizet Moralès 12 go 18 Deireadh Fómhair 2012, Opéra de Toulon
Iolanta Tchaikovsky Robert
The Barber of Seville G. Rossini Figaro 3 D.F. go 11 Nollaig 2014, Amharclann Náisiúnta Brno
L'elisir d'amore Donizetti Belcore 6 Samhain 2010, Béla Bartók National Concert Hall, Müpa Búdaipeist[2]
Lucia di Lammermoor Donizetti Lord Enrico Ashton
La bohème Puccini Marcello
Faust Gounod Valentin
Don Quichotte Massenet Sancho Panza
I Pagliacci Leoncavallo Silvio
Aleko Rachmaninov Aleko
Boris Godunov Mussorgsky Andrey Shchelkalov
The Merry Widow Lehár Danilo Danilovitsch i Seicis
Cantata Profana Bartók
Carmina Burana Orff

ScannáinCuir in Eagar

  • Brideach an Diabhail (Čertova nevěsta) – Sultan (as Filip Banžak) (2011)

TagairtíCuir in Eagar

  1. (en) "One of the most famous world-know baritone Filip Bandžak". European Union of Arts. Dáta rochtana: 10 Meán Fómhair 2016.
  2. (en) "Filip Bandžak". TheaterOnline. Dáta rochtana: 10 Meán Fómhair 2016.

LeabhairCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar