Osclóidh seo an príomhroghchlár

Daonuasclóir, leasaitheoir sóisialta, údar, agus óráidí Meiriceánach ab ea Frederick Douglass (a rugadh mar Frederick Augustus Washington Bailey i mí Feabhra, 181820 Feabhra 1895)[1]. Rugadh Douglass mar sclábhaí i gContae Talbot i Maryland. Scríobh sé roinnt dhírbheathaisnéisí a raibh an-tóir orthu. Fuair sé bás i Washington, D.C..

Frederick Douglass
Frederick Douglass (circa 1879).jpg
Frederick Douglass, 1874
Dáta breithe Feabhra, 1818
  Contae Talbot, Maryland, SAM
Dáta báis 20 Feabhra 1895
  Washington, D.C., SAM
Náisiúntacht Meiriceánach
Gairm Gníomhaí ar son chearta an duine
Céile Anna Murray-Douglass (p. 1838–1882, a bás)
Helen Pitts (p. 1884–1895, a bhás-san)
Síniú
Frederick Douglass signature.svg

Bhí úinéirí agus maoir éagsúla ar Douglass, agus cuireadh é ag obair d'fhir eile fós uaireanta, freisin. I ndiaidh drochíde a fhulaingt uathu go léir agus le cuidiú bean ghorm shaor a thit sé i ngrá léi, d'éirigh le Douglass éalú.

Thug Douglass cuairt ar an mBreatain agus ar Éirinn sna blianta 1845–47. D;éirigh sé mór le Daniel O'Connell.

Clár ábhair

A luathshaolCuir in Eagar

Rugadh Frederick Douglass ar phlandáil i Maryland ar an mbruach thoir den Bhá Chesapeake. Ní raibh lá ná bliain a bhreithe lánchinnte ach rugadh é am éigin i mí Feabhra. Glactar leis gur sa bhliain 1818 a rugadh é. Maidir le dáta a bhreithe chinntigh sé é a cheiliúradh ar an 14ú lá de mhí Fheabhra. Thug a mháthair, Harriet Bailey, a sloinne féin dó. D'éirigh Douglass as úsáid an dá ainm láir a tugadh air sách luath ina shaol, agus thosaigh sé ar Douglass a úsáid in áit Bailey i ndiaidh dó a shaoirse a bhaint amach ní ba dhéanaí sa tuaisceart.

Scaradh Douglass óna mháthair agus é an-óg. Thug a sheanmháthair aire dó. Fuair a mháthair bás nuair a bhí sé 10 mbliana d'aois. Cuireadh é chuig Plandáil Theach Wye, plandáil mhór chlúiteach i Maryland, nuair a bhí sé 7 mbliana d'aois. Ansin d'oibrigh sé faoi mhaor darbh ainm Aaron Anthony. Ní ba dhéanaí tugadh é do Lucretia Auld. Thug a fear céile, Thomas Auld, an buachaill dá dheartháir, Hugh, i mBaltimore, Maryland.

Thosaigh Sophia Auld, bean Hugh, ag múineadh na haibítre do Douglass nuair a bhí sé 12 bhliain d'aois ach chuir Hugh Auld stad leis sin chomh luath agus a chuir sé faoi deara a bhí ar siúl acu. Lean an buachaill ag foghlaim as a stuaim féin agus ó pháistí geala sa chomharsanacht. Tugadh léasadh dó babhta amháin nuair a chonacthas é ag léamh páipéir nuachta.

Éalú ón sclábhaíochtCuir in Eagar

Rinne Frederick Douglass iarrachtaí éalú, an chéad uair ó fhear darbh ainm Freeland ar tugadh Douglass ar iasacht dó. Ansin rinne sé iarracht éalú an dara huair ó úinéir nua, Edward Covey, sa bhliain 1836. Theip air sa dá iarracht.

Sa bhliain 1837 casadh Ann Murray air, bean ghorm shaor as Baltimore a bhí 5 bliana ní ba shine ná é. Ar 3 Meán Fómhair 1838, d'éirigh leis éalú ar bord traenach le cuidiú Murray agus duine eile. D'imigh sé ón traein agus é i Maryland go fóill. Bhí sé feistithe mar mhairnéalach agus, le cuidiú cáipéisí bréagacha, rinne sé a bhealach ó thuaidh go hindíreach trí Delaware, stát eile ina raibh sclábhaíocht ar siúl, agus ansin go Philadelphia agus Cathair Nua-Eabhrac. Sa chathair seo mhothaigh sé go raibh sé saor. Le cabhair ó dhaonuasclóir ansin thug sé faoi shaol nua. Phós seisean agus Ann Murray ar 15 Meán Fómhair 1838, agus chuir siad fúthu i New Bedford, Massachusetts.

 
Anna Murray-Douglass, bhean chéile Frederick Douglass

Sa ghluaiseacht i gcoinne na sclábhaíochta dóCuir in Eagar

Chuaigh Douglass leis an Eaglais Afraiceach Modhach agus sa bhliain 1839 bronnadh ceadúnas dó mar sheanmóirí. Chuidigh a chuid oibre san eaglais sin lena scileanna óráide a líomh. Tháinig Douglass faoi anáil an daonuasclóra úd William Lloyd Garrison, agus d'aithin Garrison gur duine cumasach é Douglass chomh maith. Thug Douglass a chéad óráid in aghaidh na sclábhaíochta in Elmira, Nua-Eabhrac i 1840, stad ar an "Iarnród faoi Thalamh".

D'éirigh go maith le Douglass arís nuair a hiarradh air labhairt ón stáitse ag cruinniú frithsclábhaíochta eile. Labhair sé ag cruinniú bliantúil Chumann Frithsclábhaíochta Massachusetts i Nantucket go gairid ina dhiaidh sin agus as sin amach bhí éileamh rialta air mar chainteoir ag cruinnithe den chineál sin.

 
Frederick Douglass, agus é timpeall 29 bliana d'aois

DírbheathaisnéisíCuir in Eagar

Foilsíodh an chéad chuntas ar a shaol óna pheann féin sa bhliain 1845 faoin teideal Narrative of the Life of Frederick Douglass, an American Slave. Cuireadh fáilte roimhe cé go rabhthas ann a raibh amhras orthu go mbeadh iarsclábhaí nó duine gorm ar bith ábalta cuntas a scríobh ar chaighdeán chomh hard sin.

Taobh istigh de 3 bliana díoladh 11,000 cóip den leabhar agus bhí 9 gcló de dhíth chun an t-éileamh a shásamh. Foilsíodh an leabhar san Eoraip chomh maith agus aistríodh é go Fraincis agus go hOllainnis. Tháinig dhá eagrán athcheartaithe agus méadaithe amach sna blianta níos déanaí ina shaol.

Sa bhliain 1855 cuireadh leabhar eile fós amach uaidh, My Bondage and Freedom.

Foilsíodh The Life and Times of Frederick Douglass i 1881 (eagrán athcheartaithe i 1892).

 
Scannán "Frederick Douglass and the White Negro"

An turas go dtí an Bhreatain Mhór agus go hÉirinnCuir in Eagar

Sa bhliain 1845, sna sála ar fhoilsiú an chéad leabhair uaidh agus ar eagla go ndéanfadh Hugh Auld, an duine deireannach ina "úinéir" ar Douglass, iarracht seilbh a ghlacadh air arís, thug Douglass aghaidh ar Éirinn agus an Bhreatain Mhór. Níorbh é an chéad iar-sclábhaí a rinne a leithéid. Chuaigh sé ar bord an Cambria go Learpholl Shasana ar 16 Lúnasa 1845.

Bhí an Drochshaol ag tosnú in Éirinn ag an am. Chuir an tréimhse sin aige in Éirinn athrú ar dhearcadh Douglass féin. As sin amach, "bhí an choimhlint in aghaidh na daoirse i Meiriceá mar chuid de choimhlint níos leithne chun an ceartas soisalta a bhaint amach do chách ar fud an domhain", dar le Christine Kinealy.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Christine Kinealy (2016). "Frederick Douglass in Éirinn". Coiséim. Dáta rochtana: 2018.