Gastropoda

rang moileasc
(Athsheolta ó Gastrapód)

Tugtar gastrapód ar bhall den rang Gastropoda: na seilidí agus na héisc shliogánacha atá cosúil leo. Sa cholainn bíonn ceann, cos mhatánach, agus mais an ionathair, clúdaithe le sliogán cailcreach cornaithe ina bhís. An cholainn faoi thoirsiún le linn a forbartha, ionas go bhfuil an t-anas os cionn an chinn. Itheann sé ábhair phlandúla le cíor fiacla mar a bheadh raspa banda. Cuid de na gnéithe is mó chun tosaigh, is feoiliteach iad. Is seadánach cuid acu, ina measc seilidí tíre is uisce úir, agus éagsúlacht iontach na seilidí mara: bairnigh, cuachmaí, faochain, fínicíní, trumpaí sliogáin is a lán eile.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoGastropoda Cuir in eagar ar Wikidata

Helix pomatia Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForíochtEumetazoa
FíleamMollusca
FofhíleamConchifera
AicmeGastropoda Cuir in eagar ar Wikidata
Cuvier, 1797

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gastrapód". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 307.