Gimnispeirm dhuillsilteach atá dúchasach d'iardheisceart na Síne is ea an ginceo.[1] Meastar nach bhfuil sé sa dúlra fiáin a thuilleadh. Na duilleoga feanchruthach, an síol le hairil mhéith ag imchlúdach eithne inite. An t-aon iarmhar beo ar chlann a bhíodh mór forleathan uair dá raibh.[2] Bhí an ráta éabhlóide laistigh den ghéineas mall, agus bhí beagnach gach speiceas imithe in éag faoi dheireadh an Phléicéinigh. Ní fhaightear an t-aon speiceas a mhaireann, sé sin an Ginkgo biloba ach amháin san fhiántas sa tSín, ach saothraítear é ar fud an domhain. Níl na caidrimh idir na ginceonna agus grúpaí eile plandaí réitithe go hiomlán.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoGinceo
Ginkgo Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
AicmeGinkgoopsida
FineGinkgoaceae
GéineasGinkgo Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1771

Réamhstair cuir in eagar

Is iontaise bheo é an géineas (Ginkgo biloba), le hiontaisí cosúil leis an bplanda nua-aimseartha ag dul siar go dtí an Peirmeach, 270 milliún bliain ó shin. Is iad na gaolta beo is gaire don chlád ná na cíocáidí,[3] a roinneann leis an G. biloba atá ar marthain tréith na speirme gluaistí. Ceaptar go bhfuil éagsúlacht thar a bheith ársa ag ginealaigh na nginceonna agus na gcíocáidí ag dul go dtí Tréimhse Charbónmhar luath. [4]Bhí iontaisí inchurtha i leith an ghéinis Ginceo le horgáin atáirgthe cosúil leis na speicis nua-aimseartha le feiceáil den chéad uair sa Mheán-Iúrasach,[5] agus rinne an géineas éagsúlú agus leath siad amach ar fud na Labhráise le linn an Iúrasaigh agus na tréimhse Luath-Chailcí. Tháinig laghdú ar an éagsúlacht de réir mar a chuaigh an Cailceach ar aghaidh, le díothú speiceas ar nós Ginceo huolinhensissé san éagsúlacht de réir mar a chuaigh na Cretaceous ar aghaidh le díothú speiceas mar Ginkgo huolinhensis, agus sa Phailéicéineach, níor fhan ach cúpla speiceas an Ginkgo cranei agus an Ginkgo adiantoides, sa Leathsféar Thuaidh, cé go raibh foirm shuntasach éagsúil (nach bhfuil mórán eolais ar fáil faoina stair) fós ann sa Leathsféar Theas. Leanadh den fhoirm sa Leathsféar Theas. Ag deireadh an Phléicéinigh, d'imigh iontaisí an Ghinceo ón taifead iontaise i ngach áit ach amháin i limistéar beag i lár na Síne, áit ar mhair an speiceas nua-aimseartha. Níltear cinnte an féidir idirdhealú iontaofa a dhéanamh idir speicis iontaise an Leathsféir Thuaidh den Ghincoe. I bhfianaise luas mall na héabhlóide agus na cosúlachtaí moirfeolaíocha idir baill den ghéineas, b’fhéidir nach raibh ach speiceas amháin nó dhá speiceas ann sa Leathsféar Thuaidh tríd an Céineasóch ar fad: G. biloba (lena n-áirítear G. adiantoides) an lae inniu agus G. gardneri ó Phailéicéineach in Albain.

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Ginkgo” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Ginceo". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 316.
  3. Royer et al. (2003), p. 84.
  4. "Gene duplications and phylogenomic conflict underlie major pulses of phenotypic evolution in gymnosperms" (as en) (July 19, 2021). Nature Plants 7 (8): 1015–1025. doi:10.1038/s41477-021-00964-4. ISSN 2055-0278. PMID 34282286. 
  5. Zhou, Zhi-Yan (March 2009). "An overview of fossil Ginkgoales" (as en). Palaeoworld 18 (1): 1–22. doi:10.1016/j.palwor.2009.01.001.