Ban-aisteoir Meiriceánach agus réalta faisin ba ea Grace Patricia Kelly (Gaeilge: Gráinne Pádraigín Ní Cheallaigh), nó níos déanaí Grace, Banphrionsa Mhonacó, de phór Éireannach (12 Samhain, 192914 Meán Fómhair, 1982). Bhí Grace Kelly ar dhuine de na haisteoirí ba cháiliúla le linn ré órga Hollywood.[1]

Infotaula de personaA Mhórgacht Shámh Cuir in eagar ar Wikidata
Grace Kelly

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Grace Patricia Kelly Cuir in eagar ar Wikidata
12 Samhain 1929
Philadelphia (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Bás14 Meán Fómhair 1982
52 bliana d'aois
Común Mhonacó (Monacó)
Siocair bháisBás tionóisceach (Imbhualadh tráchta)
Áit adhlacthaCathedral of Our Lady Immaculate (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Consort of Monaco (en) Aistrigh
1956 – 1982 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síAmerican Academy of Dramatic Arts (–1949)
Neighborhood Playhouse School of the Theatre (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla Meiriceánach
Airde169 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Dath súileGorm
Dathán gruaigeGruaig fhionn
Gníomhaíocht
Gairmuasal (1956–), aisteoir stáitse, aisteoir teilifíse, mainicín, aisteoir scannáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1949 –  1956
Ball de pháirtí polaitíochtaan Páirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraScéalta buachaillí bó
Mac/iníon léinn de chuidSanford Meisner
TeangachaBéarla agus an Fhraincis
Eile
Teideal uasalBean chéile an phrionsa Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeaghlach Grimaldi Cuir in eagar ar Wikidata
CéileRainier III (1956–1982), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCaroline, Banphrionsa Hannover, Albert II, Banphrionsa Stéphanie Mhonacó Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn B. Kelly  agus Margaret Katherine Majer
SiblínMargaret Kelly, John B. Kelly, Jr. agus Elizabeth Kelly
Croineolaíocht
18 Aibreán 1956wedding of Rainier III, Prince of Monaco, and Grace Kelly (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú


IMDB: nm0000038 Allocine: 887 Rottentomatoes: celebrity/grace_kelly Allmovie: p37518 63086 Metacritic: person/grace-kelly TV.com: people/grace-kelly IBDB: 67951 AFI: 63086
Musicbrainz: 3ac772ad-4fd2-4546-ad7b-48c76e8847f1 Discogs: 289568 Allmusic: mn0000195649 Find a Grave: 571 Cuir in eagar ar Wikidata
Grace Kelly, ag MGM
High Noon, 1952
Mogambo, 1953
To Catch a Thief, 1955
1956

Tháinig seanathair Grace as Baile Uí Fhiacháin, i gContae Mhaigh Eo.[2] Chuaigh John Henry Kelly ar imirce chuig Philadelphia Mheiriceá in 1867. D’éirigh le Jack Kelly, athair Grace, trí bhonn Oilimpeacha a chrochadh leis dá ghaiscí rámhaíochta in 1920 agus 1924.[3] Bhí a dhóthain de mhaoin an tsaoil aige rud a d’fhág saol sócúil ag Grace.

 
1972

Sna 1950idí, d'oibrigh Kelly ar an stáitse agus i scannáin de chuid Hollywood. Sa bhliain 1955, bronnadh Oscar dá ról sa The Country Girl, agus í i mbarr a réime gairmiúla. Bhí sí le feiscint ar scáileán taobh le leithéidí Gary Cooper, Clark Gable, Cary Grant, agus Bing Crosby agus bhí leithéidí Alfred Hitchcock agus John Ford mar stiúrthóirí aici.[1]

Bhí a saol aisteoireachta in airde láin nuair a phós sí an Prionsa Rainier ó Phrionsacht Mhonacó in 1956.

In 1955, d’eagraigh Paris Match deis fótagrafaíochta do Grace Kelly leis an bPrionsa Rainier ag an bPálás Ríoga in Monte Carlo. Níor aontaigh an bheirt a bhí i gceist leis ach go drogallach, is cosúil.[4] Níor thúisce le chéile iad ná go raibh siad pósta. Rinne an Phrionsa Rainier aistear chuig na Stáit Aontaithe i mí na Nollag – ar chúiseanna leighis, mar dhea – inar chaith sé an Nollaig le muintir Uí Cheallaigh agus inar iarr sé ar Grace é a phósadh. Ansin d'fhill Grace go Monacó san earrach dár gcionn chun pósadh. Phós sí Prionsa Mhonacó, Rainier III, ar 19 Aibreán 1956 agus d'fhág sí Hollywood.

Chaith Grace Kelly an chuid eile dá saol i Monacó.

Saol pósta

Bhí triúr páiste ag Grace Kelly: an prionsa Albert agus na banphrionsaí Caroline agus Stéphanie.

Fuair Grace Kelly bás de bharr stróc agus í ag tiomáint, ar an 14 Meán Fómhair 1982, tubaiste a fhágann greanta i scioból samhlaíochta an phobail í mar an duine óg álainn.[1]

Grace in Éirinn

cuir in eagar

Bhí Grace Kelly an-mhórtasach as a dúchas Éireannach. Mar shampla bhunaigh sí leabharlann Éireannach.[5] Thug sí cúpla cuairt ar Éireann sna 1960dí agus na 1970idí (thug  an Lánúin Ríoga cuairt stáit ar Éirinn[6] don chéad uair sa bhliain 1961).[7]

Chabhraigh Grace Kelly go mór saol an fhaisin in Éirinn a chur chun cinn nuair a chaith sí geansaí Árann i bpictiúir di féin faoi theas na gréine ar luamh ar an Meánmhuir, pictiúr a bhí ar chlúdach na hirise Vogue i lár na 1950idí.  

Bhí Albert II i measc an phobail i mBaile Uí Fhiacháin i gcontae Mhaigh Eo mí na Márta 2023 nuair a nochtadh dealbh in ómós dá mháthair.[1]

 
1981

Chuir an AFI (Institiúid Scannáin Mheiriceá) Kelly in airde ag #13 i measc na mbanréaltaí scannáin is fearr a bhí ann riamh.

Tháinig mac le Grace Kelly, Ailbhe II (Albert Alexandre Louis Pierre Grimaldi), i gcomharbas ar a athair Rainier III sa bhliain 2005.

  • 1951 : Fourteen Hours
  • 1952 : High Noon
  • 1953 : Mogambo
  • 1954 : Dial M for Murder
  • 1954 : Green Fire
  • 1954 : Rear Window
  • 1954 : The Country Girl
  • 1954 : The Bridges at Toko-Ri
  • 1955 : To Catch a Thief
  • 1956 : The Swan
  • 1956 : High Society
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Breandán M Mac Gearailt (26 Nollaig 2023). "Clár faisnéise taitneamhach faoi Bhanphrionsa Mhaigh Eo agus Mhonacó" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-30.
  2. Thomas Harding (2005-04-17). "How Princess Grace's ancestral home fell into ruins" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-04-19.
  3. "Jack Kelly Sr. (rower)" (as en) (2023-12-14). Wikipedia. 
  4. "Taispeántais | Castletown" (ga) (29 Bealtaine – 30 Meán Fómhair 2017, Gailearaí, Dara hUrlár, Teach Bhaile an Chaisleáin). Dáta rochtana: 2020-04-19.
  5. "The Princess Grace Irish Library, Monaco". www.visitmonaco.com. Dáta rochtana: 2020-04-19.
  6. Breege Rowley (2014-01-23). "Marion agus an Banphrionsa,". 
  7. "Marion and the Princess – Strut and bellow" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-01-20. Dáta rochtana: 2020-04-19.