Is abhacphláinéad í Haumea, nó (136108) Haumea (siombail: Haumea symbol (fixed width).svg),[1] de réir chóras ainmneacha foirmiúla Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta, agus í ag timpeallú na gréine i gCrios Kuiper, taobh amuigh d'fhithis Neiptiúin. Is ionann a mais agus an tríú cuid de mhais Phlútóin.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachHaumea Haumea symbol (bold).svg
Haumea Hubble.png
Cineál Abhacphláinéad, classical Kuiper belt object (en) Aistrigh agus gravitationally bound system (en) Aistrigh
Eapainm Haumea (en) Aistrigh
Cuid de Haumea family (en) Aistrigh
Stair
Croineolaíocht
Iúil 25, 2005 discovery (en) Aistrigh
Iúil 29, 2005 naming (en) Aistrigh
Meán Fómhair 17, 2008 naming (en) Aistrigh
Blian aimsithe 2005, 2003 agus 2004
Haumea Rotation.gif

StairCuir in Eagar

Ba iad Mike Brown agus a fhoireann i Réadlann Palomar, Institiúid Teicneolaíochta California (Caltech), ba thúisce a d'aithin í, thiar sa bhliain 2004.

 
Haumea, Hi'iaka agus Namaka

Sa bhliain 2005, tháinig an scéala ó fhoireann réalteolaithe eile - foireann a bhí ag obair i réadlann Sierra Nevada sa Spáinn faoi cheannas José Luis Ortiz Moreno - go raibh siad tar éis sonrú a chur i Haumea freisin. Ach níor tugadh aitheantas coitianta don fhionnachtain sin ag an am.

Ar an 17 Meán Fómhair 2008, d'aicmigh Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta. Haumea mar abhacphláinéad.

Fuair an abhacphláinéad a ainm ó bhandia na breithe i seanreiligiún mhuintir Haváí.

Tá déanamh fadaithe ar Haumea, agus an chuma ar an scéal gurb é an rothlú luath a chuir as riocht na liathróide í. Tá dhá shatailít aici, mar atá, Hi'iaka agus Namaka. Fuarthas ainmneacha na ngealach ó mhiotaseolaíocht mhuintir Haváí freisin.

athraigh An Grianchóras
An GhrianMearcairVéineasAn GhealachAn DomhanMarsPhobos agus DeimosCeiréasAn príomhchrois astaróideachIúpatarGealacha IúpatairSatarnGealacha ShatairnÚránasGealacha ÚránaisNeiptiúnGealacha NeiptiúinPlútónGealacha PhlútóinHaumeaGealacha HaumeaMakemakeCrios KuiperErisDysnomiaAn diosca scaiptheScamall HillsScamall Oort 
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris

TagairtíCuir in Eagar

  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".