Tom síorghlasduillsilteach nó dreaptha le fréamhacha aerga é an hiodrainsia, dúchasach don Áise agus Meiriceá Thuaidh is Theas. Na duilleoga ubhchruthach i bpéirí urchomhaireacha. Na bláthanna i gcinn, na cinn bheaga torthúil is na cinn mhóra seasc. Dhá shaghas an-choitianta mar mhaisiúchán: láschaipíní le cinn le bláthanna móra seasca timpeall ar na cinn torthúla, agus mapachaipíní le cinn le bláthanna móra seasca amháin. Táirgeann an dá shaghas bláthanna gorma nuair a bhíonn an ithir fúthu aigéadach, agus bláthanna bándearga nuair a bhíonn sí alcaileach.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoHiodrainsia
Hydrangea Cuir in eagar ar Wikidata

Hydrangea macrophylla Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcapsúl Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdCornales
FineHydrangeaceae
GéineasHydrangea Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochHydrangea arborescens Cuir in eagar ar Wikidata
Tom hiodrainsia ag fás in ithir alcaileach

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Hiodrainsia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 347.