Hippuris vulgaris
Planda uisceach coitianta de chuid na hEoráise agus Meiriceá Thuaidh is ea Hippuris vulgaris (ón nGréigis: πππος – capall agus ορά – eireaball), ar a dtugtar i nGaeilge colgrach[1] nó brobh i dtóin. Faightear an plánda idir an Ghraonlainn agus Ardchlár na Tibéide go hArizona. Is fearr leis uiscí neamh-aigéadach Fásann na gais suas le 150 cm ar fhad, ag éirí os cionn an uisce. Na duilleoga caol i bhfáinní le 6-12 duilleog iontu. Na bláthanna bídeach glas ar an gcuid den ghas atá amuigh san aer. Tugtar cáití collagán air freisin.[2]
Stádas caomhnaithe | |
---|---|
Speiceas is lú imní | |
UICN | 167870 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Lamiales |
Fine | Plantaginaceae |
Géineas | Hippuris |
Speiceas | Hippuris vulgaris L., 1753 |
Cur síos
cuir in eagarLuibh reatha, ilbhliantúil is ea Hippuris vulgaris, a fhaightear in uiscí éadomhain agus in réileáin láibe. A fhréamhacha faoi uisce, ach tá an chuid is mó dá duilleoga os cionn an dromchla. Tarlaíonn na duilleoga i rothóga de 6-12; iad siúd os cionn uisce 0.5 go 2.5 cm ar fhad agus suas le 3 mm ar leithead, cé go bhfuil iad siúd faoi uisce níos tanaí agus ní chomh láidir, agus níos faide ná iad siúd os cionn uisce, go háirithe i sruthanna níos doimhne. Tá na gais soladach agus neamhbhrainseach ach is minic iad cuartha, agus is féidir leo a bheith suas le 60 cm ar fhad. In uisce éadomhain gobann siad amach 2 -30 cm as an uisce. Fásann sé ó riosóim láidir. Tá na bláthanna neamhfheiceálach, agus ní tháirgeann gach planda iad. Léirigh staidéir ar H. vulgaris in Ardchlár na Tibéide gur astaire meatáin líonmhar é.[3] Síneann fréamhacha H. vulgaris isteach i gcrios anocsach na ngnáthóg bhogaigh agus cruthaíonn siad cainéal le haghaidh meatáin a tháirgtear sa chrios anocsach chun taisteal chuig an atmaisféar.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Hippuris vulgaris” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-16.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Colgrach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 161.
- ↑ "Methane emissions from different vegetation zones in a Qinghai-Tibetan Plateau wetland" (2004). Soil Biology and Biochemistry 36 (5): 737–748. doi: .
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |