Inmheatróis
Neamhord coitianta go leor is ea Inmheatróis (nó Endometriosis i mBéarla), ina bhfásann na cealla a bhíonn mar líneáil ar an gcuas útarach (an t-inmheitriam) ag ionaid eile sa cholainn, de ghnáth áit eile sa pheilbheas (mar shampla, ar na hubhagáin, an reicteam, nó an lamhnán). Buailfidh sé 10% de mhná uair éigin i rith a saoil.[1]
Cineál | female reproductive system disease (en) , endometrial disease (en) agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | gínéiceolaíocht |
Cóireáil chliniciúil | |
Cógais danazol (en) , 17α-hydroxyprogesterone (en) , leuprolide (en) , norethindrone (en) , ethynodiol diacetate (en) , desogestrel (en) , nafarelin (en) , goserelin acetate (en) , levonorgestrel (en) , etonogestrel (en) , goserelin (en) , ethinyl estradiol / norethindrone (en) , medroxyprogesterone (en) , leuprolide (en) agus ethisterone (en) | |
Pataigineas | |
Suíomh | abdóman agus peilbheas |
Cúis ghéiniteach | PDE1C, IL33, VEZT, KSR2 agus GREB1 |
Aicmiú | |
ICD-11 | GA10 |
ICD-10 | N80 agus N80.9 |
ICD-9 | 617, 617.9 agus 617.8 |
CIAP | X99 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0102148 |
OMIM | 131200 |
DiseasesDB | 4269 |
MedlinePlus | 000915 |
eMedicine | 271899 agus 795771 |
Patient UK | endometriosis-pro |
MeSH | D004715 |
Orphanet | 137820 |
UMLS CUI | C0014175, C0014175, C0269102 agus C0404545 |
DOID | DOID:289 |
Ní heol cén fáth a dtarlaíonn sé seo, ach is féidir go n-imíonn cealla inmheitriacha suas trí na feadáin útaracha le hionchlannú sa pheilbheas (míostrú aisiompaithe).
Freagraíonn na cealla inmheitriacha seo taobh amuigh den bhroinn do na comharthaí hormónacha céanna a bhfreagraíonn na cealla sa bhroinn dóibh. Prolaiféaraíonn siad, ag at gach mí, agus ag sceitheadh sa chéad tréimhse míostraithe eile. Spreagann sé seo freagairt athlasta sna horgáin pheilbheacha eile, agus is féidir go leanfaidh damáiste is coilm, fiú cisteanna lán d'fhuil sa bhfuil.
Is iad na siomptóim is troime a fheictear ná míostrú trom is pian sa pheilbheas, ach is féidir go dtiocfaidh neamhthorthúlacht as. Is é an chóireáil ar an riocht seo ná drugaí chun aithris a dhéanamh ar thoircheas, drugaí chun cosc a chur ar phrolaiféarú na gceall inmheitriach, nó máinliacht chun na coilm is na cisteanna a bhaint.
Éire
cuir in eagarSa bhliain 2021, bhí 155,000 bean ar a laghad in Éirinn a raibh inmheatróis orthu, agus ag streachailt leis an bpian, In 2022, impigh Cumann Inmheatróise na hÉireann ar an Rialtas plean a chur i bhfeidhm chun ionaid speisialta a fhorbairt le go bhfaighidh mná ar fud na tíre faoiseamh ón bpian.[1]
Cuireadh Cumann Inmheatróise na hÉireann ar bun sa bhliain 1987 le heolas agus tacaíocht a thabhairt dóibh siúd go léir a gcuireann inmheatróis isteach orthu. Reachtáiltear an Cumann ar bhonn deonach, agus is mná a bhfuil inmheatróis orthu den chuid is mó atá ina bhun.[2] Léigh as Gaeilge faoi anseo.[3][4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-02-24). "155,000 bean i bpian le easpa acmhainní don Inmheatróis" (as ga).
- ↑ "endometriosis.ie/" (en-GB). Endometriosis Association of Ireland. Dáta rochtana: 2022-03-01.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Inmheatróis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 369.
- ↑ "HealthBrochures.ie". www.healthbrochures.ie. Dáta rochtana: 2019-01-01.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |