J. Robert Oppenheimer
Fisiceoir núicléach a rugadh i Nua-Eabhrac i Stáit Aontaithe Mheiriceá ab ea Julius Robert Oppenheimer (22 Aibreán 1904 – 18 Feabhra 1967). Bhí sé ina stiúrthóir ar Thionscadal Manhattan an bhuama adamhaigh i Los Alamos (1943–1945).[1] Tugadh “athair an bhuama adamhaigh” air.
Beatha
cuir in eagarOllamh le fisic ag Ollscoil California, Berkeley i Meiriceá a bhí ann ag tosnú sa bhliain 1927. Mhúin sé fisic in Institiúid Teicneolaíochta Chalifornia nó Caltech freisin.
Le linn an Dara Cogadh Domhanda, d'oibrigh sé ar an mbuama adamhach mar chuid den Tionscadal Manhattan i saotharlann rúnda sa bhaile iargúlta Los Alamos i stát Nua-Mheicsiceo. Ag an am, bhí na Naitsithe ag déanamh géarleanúint ar Ghiúdaigh, ag spreagadh na n-eolaithe Giúdacha in Los Alamos chun gnímh.
Sa bhliain 1947 agus an cogadh sin thart, ghlac sé post mar stiúrthóir an Advanced Studies Institute in Ollscoil Princeton.
Chuir sé i gcoinne an H-bhuama (an buama comhleáite), agus rinneadh géarleanúint air ina dhiaidh sin. i 1953 baineadh ón taighde núicléach rúnda é agus ní raibh sé in ann obair a dhéanamh níos mó.
Trom ar an tobac, ba in Princeton a fuair sé bás d'ailse scornach sa bhliain 1967, in aois 62 dó.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Breandán M Mac Gearailt (1 Lúnasa 2023). "Saothar ar leith eile ón gceardaí Christopher Nolan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-01.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Julius Robert Oppenheimer". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 497.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |