Percy Williams Bridgman
fisiceoir Meiriceánach
Fisiceoir a rugadh i gCambridge, Massachusetts ab ea Percy Williams Bridgman (1882-1961).
Rinne sé taighde suntasach ar chórais ardbhrú, teirmidinimic, agus airíonna ábhar faoi ardbhrú.
Mar shampla, tháirg sé foirm nua fosfair faoi ardbhrú, agus thaispeáin gur mhéadaigh slaodacht leachtanna faoi ardbhrú. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1946 as sin.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Percy Williams Bridgman". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 90.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |