Lus an bhainne
Luibh nó tom beag ilbhliantúil a fhaightear i ngach réigiún den Domhan, beagnach, is ea lus an bhainne.[1] Na duilleoga ailtéarnach de ghnáth. Na bláthanna i spící, 5 sheipeal, an dá cheann inmheánacha mór, go minic peitealach gealdaite, ag timpeallú 3 pheiteal atá ceangailte le 8 staimín chun feadán a chruthú. Na bláthanna bán, bándearg nó gorm, agus na dathanna seo uile ar an bplanda céanna uaireanta.[2]
Polygala vulgaris | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Fabales |
Fine | Polygalaceae |
Géineas | Polygala |
Speiceas | Polygala vulgaris L., 1753 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Polygala vulgaris” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Lus an bhainne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 423.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |