Marós
Tom dlúth cumhra síorghlas is ea an marós.[1] Fásann sé suas le 2 m ar airde. Dúchasach don Mheánmhuir, ar scrobarnach. Na duilleoga caol, dúghlas in uachtar is bán faoina mbun, na himill casta isteach. Na bláthanna éadrom gorm déliopach, na cinn in uachtar faoi chochall rud beag, na cinn in íochtar tríliopach spréite. Saothraítear go forleathan é mar mhaisiúchán agus luibh leighis.[2]
Salvia rosmarinus | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | marós, ola mharóis agus úsc maróis |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Lamiales |
Fine | Lamiaceae |
Treibh | Mentheae |
Géineas | Salvia |
Speiceas | Salvia rosmarinus (Spenn., 1835) |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Úsáidtear é sa chócaireacht, le huainfheoil stuáilte agus araile.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): marós” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-13.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Marós". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 439.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |