Grúpa mór plandaí bliantúla is ilbhliantúla, go minic dreapairí nó crúbadaigh, dúchasach do na réigiúin mheasartha thuaidh is Meiriceá Theas. Tugtar peasair[1]pis capaill orthu i nGaeilge. Na duilleoga cleiteach le duilleoigíní caola a chríochnaíonn i dteannóga; na pisbhláthanna aonarach nó i mbláthraí beaga nó fada spíceacha ag teacht amach as ascaillí na nduilleog; na cochaill leata, ag scoilteadh ar a bhfad in dhá chomhla. Gan tábhacht eacnamaíoch de ghnáth, uaireanta ina lotnaid don talmhaíocht. Saothraítear saghas coitianta amháin atá dúchasach don Eoraip, tuaisceart na hAfraice is réigiúin den Áise, a bhfuil bláthanna corcra uirthi, go forleathan mar fhoráiste d'ainmhithe.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPeasair
Vicia Cuir in eagar ar Wikidata

Vicia orobus Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdFabales
FineFabaceae
FofhineFaboideae
GéineasVicia Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochVicia sativa Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Vicia” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Peasair". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 510.