Dianscaoileadh ábhair trí théamh gan ocsaigin a bheith i láthair, próiseas a tháirgeann comhdhúile níos simplí de ghnáth. Sampla tábhachtach pirealaithe is ea cnagadh peitriliam, ina n-athraítear alcáin ina n-ailcéiní is ina n-alcáin níos giorra (mar shampla athrú própáin in eitéin is meatán, CH3CH2CH3 → CH2=CH2 + CH4).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Pirealú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 520.