Planda bliantúil dreaptha atá dúchasach don tSicil is deisceart na hIodáile is ea an phis chumhra (Lathyrus odoratus). Fástar go forleathan í mar mhaisiúchán. Sciatháin leathana ar na gais a fhásann thar 2 m ar airde. Na duilleoga roinnte le dhá dhuilleoigín ubhchruthacha/dhronuilleacha mhínphioracha is teannóga géagacha. Na bláthanna suas le 3.5 cm ar fhad le boladh cumhra, is iad iompartha in ascaillí na mbláthanna uachtaracha. Na bláthanna corcra ar phlandaí fiáine, ach tar éis na mblianta diansaothraithe is dianphóraithe, tá plandaí saothraithe ar fáil anois le raon mór dathanna.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPis chumhra
Lathyrus odoratus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Dath na mbláthannacorcra agus dearg Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
I mbaol criticiúil
UICN176367 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdFabales
FineFabaceae
TreibhFabeae
GéineasLathyrus
SpeiceasLathyrus odoratus Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Pis chumhra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 521.