Prionsabal Huygens-Fresnel
Difreáil tonn plána nuair is ionann leithead an scoilt agus an tonnfhad]]
Is é atá i bprionsabal Huygens-Fresnel (ainmnithe i ndiaidh an fhisiceora Ollannaigh Christiaan Huygens agus an fhisiceora Fhrancaigh Augustin Jean Fresnel) ná modh anailíse a chuirtear i bhfeidhm ar fhadhbanna a bhaineann le forleathadh tonnta i ndíraonachán i dteorainn chianréimse agus i dteorainn gar-réimse araon agus i bhfrithchaitheamh freisin. Deir sé gur foinse tonnan sféariúil gach pointe ar thonnbhráid, b iad na tonnáin sféarúla é féin é gach pointe ar thonnbhráid, agus go gcuireann na tonnáin thánaisteacha a thagann ó phointí éagsúla isteach ar a chéile.[1] Cruthaíonn suim na dtonnán sféarúil seo an tonnbhráid. Léargas a d'fhoilsigh an fisiceoir Ollannach Huygens i 1678 is ea Prionsabal Huygens, gur féidir cruth fronta toinne a réamhinsint agus í faoi fhorás.
Feidhmíonn gach pointe ar an bhfronta mar fhoinse tonnta ag forleathadh i ngach treo.
Is é an fronta nua an tadhlaí dromchlach do na tonnáin seo uile.
Is áisiúil an modh oibre seo maidir le gach saghas toinne: tonn uisce, creathanna talún, fuaim, solas is eile.
Cúlra
cuir in eagarCosantóir luath ar theoiric thonnach an tsolais ab ea Christian Huygens, ach chloígh Newton leis an tseanteoiric, an teoiric choirpíneach, go raibh solas déanta as páirteagail nó coirpíní. Bhí Huygens is Newton tar éis polarú solais le criostal cailcíte a bhrath, ach níorbh fhéidir leo an feiniméan a mhíniú.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Huygens' Principle".
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Prionsabal Huygens". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 355.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin optaic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |