Is éard is radairéaltra[1][2] ann ná réaltra ar foinse tonnta diana cosmacha raidió é. Níl ach ceann amháin díobh i ngach milliún réaltra. Bíonn núicléas gníomhach ann, dúpholl is dócha, a tháirgeann sreabh ollmhór leictreon is iad ag taisteal gar do luas forleata an tsolais. Nuair a theagmhaíonn siad seo le réimse maighnéadach, taistealaíonn siad ar feadh línte fórsa an réimse, ag astú radaíocht sincreatróin mar thonnta raidió. Tá cuid de na radairéaltraí an-mhór ar fad, an astaíocht raidió ag teacht ó réigiúin timpeall 300 cileaparsoic amach ó réaltra. Nuair a bhíothas ag déanamh staidéir ar ranna mar seo a thángthas ar chuasáir den chéad uair.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “radio galaxy” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-03.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “radio galaxy — Aistriúchán Gaeilge ar radio galaxy (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-07-03.
  3. Hussey, Matt (2011). "Radairéaltra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 546.