Rita Levi-Montalcini
néareolaí Iodálach
Néarfhiseolaí a rugadh in Torino na hIodáile ab ea Rita Levi-Montalcini (22 Aibreán 1909 – 30 Nollaig 2012). Rinne sí taighde ina seomra codlata ar dtús ar néarashutheolaíocht an scalltáin. Agus í sna Stáit Aontaithe tar éis 1947 ag obair le Stanley Cohen, d'fhionn sí fachtóir fáis na néaróg. Bhuaigh siad Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1986 as. Ise an chéad duaiseoir Nobel dár shlánaigh céad bliain. Ina hárasán sa Róimh a d'éag sí in aois a 103 bliana.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Rita Levi-Montalcini". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 408.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |