Roger Guillemin
dochtúir Francach
(Athsheolta ó Roger Charles Louis Guillemin)
Fiseolaí a rugadh ar 11 Eanáir 1924 in Dijon na Fraince ba ea Roger Charles Louis Guillemin. Bhí sé ag obair sna Stáit Aontaithe ó 1953, agus ba shaoránach Meiriceánach é ó 1965 i leith. Roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1977 le Andrew Schally is Rosalyn Sussman Yalow as a shaothar chun na hormóin peiptíde ón hipeatalamas a aonrú.[1] Fuair sé bás ar an 21 Feabhra 2024.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Roger Charles Louis Guillemin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 336.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin Fhrainc é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |