Rosalyn Sussman Yalow
fisiceoir míochaine Meiriceánach
Fisiceoir míochaine a rugadh i Nua-Eabhrac is ea Rosalyn Sussman Yalow (19 Iúil 1921 –30 Bealtaine 2011). Sna 1950idí shaothraigh sí teicníocht na raidimdhíonmheasúnachta, agus bhain feidhm aisti chun staidéar a dhéanamh ar na hormóin pheipteacha. As an saothar seo roinn sí Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le Roger Guillemin is Andrew Victor Schally sa bhliain 1977.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Rosalyn Sussman Yalow". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 708.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |