Andrew Victor Schally
bithcheimicí Liotuánach
Bithcheimicí a rugadh i Vilnias na Liotuáine (Wilno na Polainne ag an am) ar an 30 Samhain 1926 ba ea Andrew Victor Schally. Bhí sé ag obair sna Stáit Aontaithe ó 1957 ar aghaidh.
Rinne sé an-chuid saothair bhunúsaigh ar hormóin éagsúla is a bhfeidhmeanna sa cholainn.
Roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1977 le Roger Guillemin is Rosalyn Sussman Yalow as a shaothar chun na hormóin peiptíde ón hipeatalamas a aonrú.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Andrew Victor Schally". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 582.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |