Saoirse?
Scannán faisnéise é Saoirse? a thugann cur síos ar imeachtaí staire na hÉireann sna blianta 1919-1922, idir fhorbairt an náisiúnachais in Éirinn agus mórthubaiste an Chogaidh Chathartha. Tá sé suntasach mar sin go bhfuil comhartha ceiste leis an teideal.[1]
Buneolas | |
---|---|
Stiúrthóir | George Morrison |
Príomhcharachtair | |
Script | Seán Mac Réamoinn |
Rinne George Morrison an stiúrthóireacht, agus chum Seán Ó Riada an ceol don scannán. B'iad Pádraig Ó Raghallaigh agus Liam Budhlaeir na tráchtairí. B'é Seán Mac Réamoinn a scríobh téacs na tráchtaireachta. B'é Gael-Linn a léirigh an scannán.
Léiriú
cuir in eagarEisíodh an scannán sa bhliain 1961. Bhí glacadh an-mhaith leis ag an am agus chuaigh ceol Sheáin Uí Riada i bhfeidhm go mór ar dhaoine.
Chuaigh Morrison ar lorg ábhar pictiúirí de na daoine a bhí sáite sna himeachtaí seo ina lán cartlanna. D'éirigh leis, mar shampla, an beagán de na pictiúirí beo a bhí tógtha de Thomás Mac Curtáin riamh a shuí sa scannán.
- Is éard atá le feiceáil ag tús an scannáin ná teacht le chéile an Chéad Dáil ar an 21 Eanáir 1919.[2]
- Baineann sé geit as daoine go fóill mórcharachtair na linne a fheiceáil agus iad ina mbeatha: an Coileánach ag bailiú síntiús don Iasacht Náisiúnta i 1919 agus scuaine de phearsana móra ag teacht chuige, leithéidí Griffith agus Deasún Mac Gearailt.
- Déanann an scannán cur síos ar na heachtraí uafáis sna blianta le linn Chogadh na nDuchrónach, go háirithe an léirscrios a rinneadh ar bhailte mar Mhainistir Fhear Maí, Bhaile Brigín, an Gránard agus Chorcaigh.
- Tá na sluaite móra a bhí ag tacú leis an ngluaiseacht le feiceáil, mar shampla, le linn shochraidí Thomáis Mhic Curtáin agus Thraolaigh Mhic Shuibhne.
- Leagtar an-bhéim ar an gciapadh a d’fhulaing an gnáthdhuine de bharr toirmisc agus ruathar díoltais. Tá an ruathar inar scaoileadh Seán Ó Treasaigh le feiceáil ann; círéibeacha ó thuaidh agus radharcanna den phróiseas síochána.
- Léiríonn míreanna den scannán an chuairt a thug de Valera ar an gClár, ar Luimneach agus ar Ghaillimh.
Dáilreadh
cuir in eagarRinne Gael Linn athmháistriú ar an scannán féin i gcomhair an DVD sa bhliain 2007. Cuireadh fotheidil Bhéarla leis. Tá an fuaimrian le Seán Ó Riada le fáil ann, in aon bhosca leis an scannán.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Antoine Ó Coileáin (2007). "Saoirse? (DVD/CD SET)" (ga). Gael Linn. Dáta rochtana: 2020-09-30.
- ↑ "An scannán cáiliúil Saoirse? ar fáil ar DVD anois" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-09-30.
Is síol a bhaineann le scannáin nó scannánaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |