Scaibeas
géineas plandaí
Planda ilbhliantúil a fhásann 70 cm ar airde, dúchasach don Eoraip, iarthar na hÁise is tuaisceart na hAfraice. Na duilleoga maothánach cleiteach i bpéirí urchomhaireacha. Na bláthanna scothghorm/ liathchorcra le 5 pheiteal éagothroma, i gcinn 1.5-3.5 cm ar leithead. Bíonn na bláthanna timpeall fleasc an chinn le peitil níos mó ná sin sa lár. Saothraítear é mar mhaisiúchán.[1]
Scabiosa | |
---|---|
cab an ghasáin beag | |
Planda | |
Cineál an toraidh | aicéin |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Dipsacales |
Fine | Caprifoliaceae |
Géineas | Scabiosa L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Scabiosa columbaria |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Scaibeas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 578.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |