Is é atá i gceist le Skylab ná an chéad stáisiún spáis Meiriceánach, a lainseáladh ar fheithicil Satarn V i 1973, bunaithe ar theicneolaíocht is trealamh ó scéim Apollo. Tógadh an tsaotharlann roimh lainseáil taobh istigh d'umar breosla an 3ú staid den Satarn V. Feidhmíodh i bhfithis íseal ar feadh 171 lá é ag 3 fhoireann de thriúr. Chaith an 3ú foireann an tréimhse is faide ar bord (84 lá). Rinne an chéad fhoireann deisiúchán práinne ar an sciath cosanta i gcoinne micridhreigeoideach is teasa a cailleadh sa lainseáil. Rinneadh cuid mhaith turgnamh is braistintí leis, agus nuair a d'fhág an 3ú foireann é fágadh gan tionlacan é. Tháinig sé ar ais san atmaisféar i 1979, agus bhí imní ar fud an Domhain mar gheall ar an mbruscar a thitfeadh uaidh. Níor tharla aon damáiste, áfach, bíodh is go bhfuarthas píosaí móra bruscair amuigh sa bhfásach san Astráil.