Go minic is féidir galair áirithe a aithint go luath ó na súile. Mar shampla, athraíonn an diaibéiteas radharc na súl, tobann go leor uaireanta. Uaireanta tosaíonn an meileanóma urchóideach, ailse an-mharfach, taobh thiar den reitine de bharr an iomarca nochta don solas ultraivialait i solas na Gréine. Is féidir an siad seo a aithint go luath, roimh leathadh isteach san inchinn dó, mar bhall dobhráin beag ar an reitine. Is tromchúiseach é an hipirtheannas fola, agus is gá é a choimeád faoi smacht le piollaí ar eagla taom croí nó stróic a fhéadfaidh a bheith marfach. Má bhíonn an galar seo ar dhuine, tarlaíonn athruithe sainiúla ar leith sna fuileadáin sa reitine. Déanann an stróc, an scléaróis ilchodach, leibhéal ard colaistéaróil, ailsí éagsúla, an buíochán a tharlaíonn de bharr dochar don ae, an galar tíoróideach a chuireann isteach ar fhás an duine, an t-airtríteas réamatóideach, is galair eile athruithe inaitheanta sna súile, ionas gur féidir a gcéad chéimeanna a aithint ó iniúchadh na súl.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sláinte na súl". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 605.