Príomhchomhartha údarás agus teannta insealbhaithe an rí Ghaelaigh ba ea slat na rígheslat tighearnais.[1] Feictear é don chéad uair sa scéal Beatha Naomh Máedóic Fearna, ach glactar leis go raibh sé in úsáid i bhfad roimhe sin;[2] agus don uair dheireanach in Éirinn go luath sa 17ú haois. San Albain, baineadh úsáid as an slat go dtí an 13ú haois, ag insealbhuithe a ríthe deireanacha Gaelacha.[3] agus Tiarnaí Ghall-Ghaeil na nOileán go dtí an 15ú haois.[4]

Tar éis ionradh na Normannach, d'éirigh Gaelaithe iad roinnt clann Angla-Normannach mar shampla De Búrca as Mac William Íochtar, agus glacadar le Slat na ríghe.[5]

Tréithe agus siombalachas cuir in eagar

De réir cuir síos le Seathrún Céitinn, ba ghá don tslat bheith idir bhán (ag léiriú glaineachta) agus díreach (ag léiriú ceartais).[6]

Deasghnáth cuir in eagar

Ar fud an domhain Ghaelaigh, bhíodh an t-aidhm céanna ag an Slat, ach is amhlaidh go n-athraíodh na sonraí ó áit go háit, go suntasach ag té a mbronnadh é don tiarna nó rí nua.[7]

A note to the pedigree of the O'Mahonys at Lambeth, written by Sir George Carew, circa 1600/3:

O'Mahon's country doeth follow the ancient Tanist law of Ireland; and unto whom Mac Carthy Reagh shall give a white rod, he is O'Mahon, or Lord of the Country; but the giving of the rod avails nothing except he be chosen by the followers, nor yet the election without the rod. The MacCarthy Reagh was inaugurated with the same ceremonial with which he inaugurated the O'Mahon and other dependent chiefs. There was a grievance attached to this, and it did not escape the keen eyes of the Cork juries, who presented: 'That when any Lord or Gentleman of the Irishry within this county, is made Lord or Captain of his name or kindredtie, he taketh of every inhabitant, freeholder, and tenant under him, a cow to be paid for erecting a rod in that name.[8]

Parlaimint na hAlban cuir in eagar

Roimh Achtanna an Aontais 1707, bhíodh ann 'Uiséir na Slaite Báine' i bParlaimint na hAlban i nDún Éideann, a bhí ról aige cosúil le 'hUiséir na Slaite Duibhe' i bParlaimintí Sasana, Ríocht na Breataine Móire agus na Ríochta Aontaithe.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ó Donnabháin, ll. 425 ff; FitzPatrick 2004, lch. 58
  2. FitzPatrick 2004, lch. 58 agus passim
  3. ba é Alasdair III na hAlban an deireanach; Bannerman 1989.
  4. Feictear insealbhú Dhomhnaill Ìle I Leabhar Book Clanranald, eag. & aistr. Cameron, ll. 160–1.[1]
  5. FitzPatrick 2004, lch. 214, passim
  6. Céitinn, lch. 23
  7. Ó Donnabháin, ll. 425 ff
  8. "Note 62 for Letter Book of Florence Mac Carthy Reagh, Tanist of Carbery, Mac Carthy Mór".