Suíomhanna ríoga Éireann

Feictear suíomhanna ríoga Éireann i dtéacsanna mheánaoiseacha a dhéanann cuir síos ar lárionadaí de ríthe Éireann, áiteanna a mbíodh tionóil, lúthchleasaíocht agus insealbhuithe á reáchtáil.[1] Dar leis na foinsí, bhíodh nasc idir na suíomhanna agus na ríochtaí Gaelacha. Léiríonn seandálaíocht gur shuntasach iad na suíomhanna leis na mílte bliain réamhstairiúila trí fhianaise na dtuamaí, na ngallán agus na gcarn atá faighte ann.

Eamhain Mhacha, dún ríoga de ríthe na nUladh

Meastar go raibh suíomh éis ag gach ríocht Ghaelach,[2] ach tá sé cinn tábhachtacha ann.[3] Four of these served as the royal sites of the four major cúigí na hÉireann.

  1. Caiseal sa Mhumhain
  2. Eamhain Mhacha san Ulaidh
  3. Dún Ailinne sa Laighin
  4. Ráth Cruachan sna Connachta.
  5. Teamhair do ríthe na Mí d'Ardrí na hÉireann.[3]
  6. Cnoc Uisnigh, gar do chroílár tíreolaíochta an oileáin, agus dá bharr diaga. D'fhéadfadh é go mbuailtí ríthe na gcúigí le chéile ann.[3]

Tá na príomhshuíomhanna nasctha le roinnt mionsuíomhanna a raibh cuspóirí eile acu. Mar shampla, bhíodh ag rí na Teamhrach tionóil ag Tailtiu agus Tlachta le linn fhéile Lúnasa An Lúnasa.[4]

Tá sé molta go gceapa na mórshuíomhanna, seachas Eamhain Mhacha i dTuaisceart Éireann, ina Suíomhanna Oidhreachta Domhanda UNESCO.[5]

Tá gnéithe coiteanna na suíomhanna ríoga tugtha faoi deara ag an staraí, Michael Herity. Tá tulaigh ag gach ceann acu, agus dúin chnoic agus ascaillí díreacha créafóige ag an chuid is mó acu. Tá cairn nó galláin ag roinnt acu, ach b'fhéidir gurb é laige na struchtúr úd is cúis le heaspa a leithéidí.[6]

Tá struchtúr ar leith ann, déanta as tulach agus clós ciorclach le chéile, mar shampla An Forradh agus Teach Cormaic, a fhaightear beagnach ach amháin ar shuíomhanna ríoga.[7] I measc gnéithe níos lú minice, tá bilí, cathaoireacha cloich, clocha insealbhaithe, báisíní cloiche agus cealla.[8]

Tugann Herity faoi deara fosta gur reiligí a bhíodh ann sna suíomhanna úd dar leis na foinsí, rud a chuireann b'fhéidir ómós na marbh in úil.[6]

Suíomhanna insealbhuithe

cuir in eagar
 
Mion pháirt léarscáile Uladh le Richard Bartlett, 1602, ag léiriú insealbhú Uí Néill ag Tulaigh Óg. Feictear pearsa ar dheis, duine de chlann Uí Chatháin, agus bróg ina láimh aige thar chionn an rí mar chuid de dheasghnáth "bhróg aonair".

Tharlaíodh deasghnátha insealbhuithe ag na suíomhanna ríoga. Bhaineadh na ríthe leas as an gceangail le stair agus tabhachtacht chultúrtha na suíomhanna. significance [8]

B'ionann na deasghnátha agus pósadh, banais nó feis idir an rí agus an talamh agus/nó bandia na talún.[8] Bhíodh leathanradharc ar an talamh ón suíomh barr chnoic.[8] Thit an analach phósta i laige in am trátha, nuair a d'éirigh an rí ina shealbhóir talún.[9]

Is idir gann agus ilchineálach iad na cuir síos stairiúla ar na deasghnátha. Dar le foinse amháin, chúpláladh rí Cineál Chonaill le láir, dhéanadh sé í a mharú agus a bheiriú, agus théadh sé ar snámh san anraith fad is a d'óladh a ghéillsinigh as.[9] Tá cáineadh géar déanta ar an gcur síos seo mar bholscaireacht in éadan na nGael págánach, ach bheadh sé de réir nóis Ind-Eorpaigh.[9] Cuireadh taifeadta níos deireanaí in úil go mbíodh iontu idir rásaí, ól, filíocht, mórshiúlta agus bronnadh tslat na ríghe.[9]

Facthas i roinnt insealbhuithe deasghnáth an bhróg aonair,[10] mar shampla ag clanna Uí Chonchúr sa chúigiú haois déag, agus Uí Néill agus Mhic Uidhir sa séú haois déag.[11] D'fhágadh rí Uí Chonchúir bróg amháin ag an suíomh chun a mhaíomh a léiriú. An lá dár gcionn, chuireadh duine de chlann Mhic Diarmada, "ceapadóir-rí", bróg ar cois a rí.[10] I rith deasghnáth Uí Néill, chaitheadh duine de chlann Uí Ágáin nó, níos deireanaí, Uí Chatháin, An bróg thar chionn an rí mar chomhartha ratha.[10] D'fhéadfadh é fosta go bhfuil nasc idir an bhróg agus lorg coise snoite i gclocha insealbhuithe.[12]

 
Mionsonra de léarscáil le Bartlett, cathair insealbhaithe, Tulaigh Óg, Contae Thír Eoghain, le gradaim ag an mbun.

Tá ann ag go leor suíomhanna insealbhuithe tulaigh bheaga le háit leacaithe chun seasamh air agus chun breathnú ar daoine agus talamh is a comhair amach.[8][8] Tá fianaise ann ar roinnt cathaoireacha insealbhuithe, ach is amhlaidh gur tógadh isteach na ríchathaoireacha a d'úsáidtí níos deireanaí sa mheánaois.[13] Tharraing Richard Bartlett an ríchathaoir ar a léarscáil de Thulaigh Óg, suíomh insealbhaithe Uí Néill Thír Eoghain. Faightear an t-aon ríchathaoir Ghaelach, de chuid Cheann Aodha Bhuí, i Músaem Uladh anois.[14]

Suíomhanna ríoga eile

cuir in eagar
  • Byrnes, Michael, 'Feis'. Medieval Ireland: an Encyclopedia. ll. 165–166. Routledge. CRC Press, 2005 ISBN 0-415-94052-4.
  • FitzPatrick, Elizabeth, 'Inauguration Sites'. Medieval Ireland: an Encyclopedia. ll. 230–231. Routledge. CRC Press, 2005 ISBN 0-415-94052-4.
  • —, Royal inauguration in Gaelic Ireland c. 1100–1600: a cultural landscape study. Woodbridge, Boydell and Brewer, 2004 ISBN 1-84383-090-6.
  • Herity, Michael. "Motes and Mounds at Royal Sites in Ireland." The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, iml. 123 (1993), ll. 127–151. Royal Society of Antiquaries of Ireland. Stable URL: https://www.jstor.org/stable/25509048
  • Newman, Conor. "Reflections on the Making of a 'Royal Site' in Early Ireland." World Archaeology, iml. 30, ui. 1, The Past in the Past: The Reuse of Ancient Monuments (Meitheamh 1998), ll. 127–141. URL buan.
  1. Herity, lch. 127.
  2. Byrne 1973, 27 in Herity, 127.
  3. 3.0 3.1 3.2 Newman, 127
  4. Newman, lch. 129.
  5. "The Royal Sites of Ireland: Cashel, Dún Ailinne, Hill of Uisneach, Rathcroghan Complex, and Tara Complex". UNESCO World Heritage Centre (4ú Lúnasa 2010). Dáta rochtana: 13ú Meitheamh 2010.
  6. 6.0 6.1 Herity, 136.
  7. Herity, lch. 137
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 8.5 'Inauguration Sites'. Medieval Ireland: an Encyclopedia, lch. 230.
  9. 9.0 9.1 9.2 9.3 'Feis'. Medieval Ireland: an Encyclopedia, lch. 165.
  10. 10.0 10.1 10.2 FitzPatrick (2004), 123.
  11. FitzPatrick (2004), 122
  12. FitzPatrick (2004), 128.
  13. FitzPatrick (2004), 129.
  14. 'Inauguration Sites'. Medieval Ireland: an Encyclopedia, lch. 231.
  15. R. B. Warner, "The Excavations at Clogher and Their Context." Clogher Record, iml. 8, ui. 1 (1973), lch. 5. Clogher Historical Society. Stable URL: https://www.jstor.org/stable/27695679
  16. Medieval Ireland: an Encyclopedia, lch. 11.
  17. F.J. Byrne in Eogan 1968, 399 in Herity, 147.