Is í an tríú litir déag den aibítir oghaim an nGéadal (Sean-Ghaeilge gétal[1]). Is í an tríú litir den Aicme Mhuine. Ba é [ɡʷ] a luach foghraíochta sa Ghaeilge Chianach.

Bosca Sonraí GraiféimNGéadal

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállitir oghaim Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deogham Cuir in eagar ar Wikidata

Sanasaíocht cuir in eagar

D'fhéadfadh é gurbh ainmbhriathar an bhriathair gonid (goin) ab ea Gétal. Más fíor, gaolta ab ea é le focal na Breatnaise, gwanu, 'poll, sáigh', fréamhaithe ón Próit-Ind-Eorpaise *gʷhen-, 'poll, buail'. Athchruthaíodh an focal sa Ghaeilge Chianach mar *gʷēdtlo-.

Tháinig an bunfhóinéim [ɡʷ] (an consan glórach liopachoguasach) sa Ghaeilge Chianach le chéile le [ɡ] (gort) sa tSean-Ghaeilge. I lámhscríbhinní na meánaoise, feictear Latin ng [ŋ] na Laidine di, agus dá bharr an litriú neamhshanasaíoch le n- thosaigh.

Briatharoghaim cuir in eagar

Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreach le fáil sna Briatharoghaim:

  • lúth lega[2][3] (coth lia/súmaire)
  • étiud midach[4] (éadach lianna)
  • tosach n-échta (tosach échta/áir)

Foinsí cuir in eagar

  • Damian McManus, Irish letter-names and their kennings, Ériu 39 (1988), 127-168.

Tagairtí cuir in eagar

  1. gétal ar eDIL, goin, giolcach
  2. lúth (b) ar eDIL, féach "Sustenance"
  3. 1 líaig ar eDIL, lia
  4. 2 midach ar eDIL, lia


Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P