Teirmít
Is éard is teirmít[1] ann ná feithid bheag shóisialta a thógann neadacha in adhmad lofa nó a dhéanann tulaigh talún a fhéadfaidh a bheith cuid mhaith méadar ar leithead, ag cuimsiú na milliún feithidí. Bíonn struchtúr sainaicmeach na coilíneachta forbartha go maith. Bíonn na seangáin oibre seasc de ghnáth, dall le heipideirm bhog bhán; na seangáin chogaidh seasc le cinn mhóra is gialla láidre; na seangáin fhásta (na hiomágónna) sciathánach is na foirmeacha atáirgeacha le súile cumaisc. Sa phutóg, tá baictéir neamhurchóideacha a chuireann ar a chumas ceallalós san adhmad a dhíleá. Timpeall 2,000 speiceas ann, agus is fadhb ollmhór eacnamaíochta iad sna trópaicí mar a ndéanann siad damáiste d'fhoirgnimh adhmaid is barra.[2]
Isoptera | |
---|---|
Taifead | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Blattodea |
Epifamily | Isoptera Brullé, 1832 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““teirmít” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-15.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Seangán bán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 589.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |